Fís Shóisialta don Ghaeltacht: Pobal, Ceannaireacht agus Cur Chuige

agus

An tSochaí Shibhialta agus an Ghaeilge

I bhfianaise thorthaí an daonáirimh inar léiríodh titim thubaisteach ar líon na gcainteoirí Gaeilge laethúla sa Ghaeltacht, agus go deimhin lasmuigh di, tá cruinniú á eagrú ag Teacht Aniar ag an Oireachtas chun machnamh neamhachrannach, fuarchúiseach agus straitéiseach a dhéanamh ar staid reatha na Gaeilge agus cur chuige lucht na Gaeilge ina leith.

Is é seo an dara chruinniú ar na hábhair thábhachtacha seo atá á reachtáil ag Teacht Aniar. Tionóladh an chéad cheann i mBaile Átha Cliath i mí an Mheithimh. An uair seo áfach ba mhaith linn an machnamh a bhrú chun cinn féachaint an mbeadh muintir na Gaeilge idir Ghaeltacht agus Ghalltacht sásta cur chuige neamhspleách a fhorbairt le dul i ngleic leis na dushláin a bhaineann leis an nGaeilge sa lá atá inniu ann.

Déanfar an plé a dhíriú thart ar dhá mhórábhar:

  • An Ghaeltacht
  • An Ghaeilge, An Stát agus an tSochaí Shibhialta

Cainteoirí:

Fís Shóisialta don Ghaeltacht

  • Conchúr Ó Giollagáin, Ollamh le Taighde, Ollscoil na Gaeltachta agus na nOileán, Sabhal Mór Ostaig, Alba
  • Páidí Ó Sé, Bainisteoir, Comharchumann Chorca Dhuibhne
  • Brian Ó Curnáin, Teangeolaí. Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath
  • Máire Ní Neachtain, Cathaoirleach, Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga

An Ghaeilge, An Stát agus an tSochaí Shibhialta

  • Catherine Connolly T.D, Cathaoirleach,Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, An tOireachtas
  • Breandán Mac Cormaic, Cathaoirleach, Teacht Aniar
  • Seanán Mac Aoidh, Misneach

Tabhair cuairt ar ár seastán ag Aonach an Oireachtais freisin!

Íoslódáil fógra an chruinnithe

4 Samhain 2017 | Seomra "Park", Óstán Brehon, Cill Airne