Oideachas Nuálach & An Ghaeilge

I gcúrsaí oideachais an lae inniu, an gné is tábhachtaí ná conas a foghlaimíonn scoláirí, ní cad a foghlaimíonn siad. Méadaíonn fiúntas nuair atá ciall, eispéireas agus féiniúlacht á ndoimhniú, ag dul ó shonraí go faisnéis, eolas, tuiscint, eagna agus trasfhoirmiú. Tarlaíonn an fiúntas is mó tríd inspioráid, samhlaíocht, cruthaitheacht agus áilleacht a chothú. Baineann an fiúntas is lú leis an eolaíocht, teicneolaíocht agus eacnamaíocht fad is atá siad deighilte ó litríocht, fealsúnacht, diagacht agus na healaíona. Tá sé tábhachtach cúrsaí smaointeoireachta a lagú, ní a láidriú faoi mar a cheaptar go minic, an fáth go bhfuil ról faoi ag na healaíona i gcruthú an tsochaí nuálaíoch.

Pé acu forbairt líonraí sóisialta nó forbairt i gcúrsaí comhrá agus cumarsáide atá i gceist, tá buntáistí faoi leith ag na Gaeil. Ach ní bhainfear tairbhe chuí astu gan naisc a chothú idir an eolaíocht, an teicneolaíocht agus na healaíona, is é sin comhcheangail a dhéanamh idir cumas ealaíne, amhail comhrá agus fionnachtana inmheánacha, agus cumas eolaíoch, amhail réasúnacht agus meicniúlacht. Gabhann an nasc idir na healaíona agus na heolaíochtaí siar go dtí traidisiún agus cruthaitheacht ársa litríochta na nGael. Mar a deir an fealsamh Richard Kearney, chun tuiscint ceart d’fháil ar iomláine na haigne Gaelaí chaithfí deireadh a chur leis an nós sin an tsamhlaíocht agus an réasún a scaradh óna chéile. Ní raibh aon scoilt idir na healaíona agus na heolaíochtaí, idir an mata agus an ceol, mar shampla, nuair a bhunaigh manaigh scoileanna foghlama ar fud na tíre agus ar Mhór-Roinn na hEorpa le linn na Ré Dorcha. Ní thuigfeadh na scoláirí úd déscaradh an lae inniu idir brainsí éagsúla eolais.

Soláthraíonn oidhreacht chultúrtha na hÉireann, ár dtraidisiún meafaireachta agus scéalaíochta, sár-bhonn don chruthaitheacht. Lenár dtraidisiúin dhifriúla, idir Béarla agus Gaeilge, nó éagsúlacht cultúrtha, tá bríonna difriúla scaipthe tríd an tír, buntáiste ann féin. Gné thábhachtach is ea ord agus neamhord a bheith fite fuaite le chéile. Tá an ‘aigne roinnte’ seo, téarma de chuid an fhile Thomas Kinsella, le feiceáil i saothar leithéid an ealaíontóra Louis le Brocquy agus an fhealsaimh George Berkeley. Chothaigh James Joyce cialla difriúla ina shaothar Finnegans Wake chun, mar a dúirt sé, ‘two thinks at a time’ a sholáthar. Faoi mar a dhein Joyce, tá an ghné dhomhanda agus an ghné áitiúil, an baile agus an deoraíocht, fite fuaite ina chéile i saothar Séamus Heaney, a chleachtann, mar a deir sé, ‘making contradictions dance’.

Dá mbeadh ár dtraidisiún meafair is scéalta curtha ar aghaidh i gceart, ba bhuntáiste ollmhór dúinn iad, sa ré nuálaíoch, nuair is iad comhrá agus gaolmhaireachtaí bunús na cruthaitheachta. Ní hionadh mar sin gurbh é téama d’fheachtas fógraíochta GFT Éireann [IDA Ireland] tamall ó shin ná ‘The Irish Mind’, leis an lógó ‘Knowledge is in our Nature’. An íomhá a bhí á dhíol le hinfheisteoirí idirnáisiúnta ná cruthaitheacht, samhlaíocht agus solúbthacht mhuintir na Éireann i mbun fiontar núalaíoch atá fréamhaithe sa tsainiúlacht. Deir GFT Éireann go léirítear an tsícé Ghaelach sa litríocht, sa cheol agus i ngaolmhaireachtaí, go bhfuilimid in ann débhríocht a láimhseáil níos fearr ná cultúir eile. Is fiúntach na tréithe iad seo i ndomhan ina gcaitear réitigh thapaidh a aimsiú tráth nach mbíonn ach eolas neamhfhoirfe ar fáil. Is é tuairim GFT Éireann go spreagann oidhreacht fhada litríochta na tíre, i nGaeilge ar dtús agus ansin i mBéarla, forbairt theicneolaíocht an eolais, forbairt atá bunaithe ar chruthaitheacht. Baineann bogearraí go mór mhór, mar shampla, le gnéithe do-láimhsithe eacnamaíocha atá bunaithe ar an intinn chruthaitheach agus ar naisc idir daoine.

Tá ról an chultúir i bhforbairt chúrsaí nuálaíochta ag éirí níos tábhachtaí de réir an lae. Ach ní shamhlófá san ón easpa suime ag ceannairí institiúidí oideachais sna naisc idir an todhchaí agus póiteinseal ár n-acmhainní cultúrtha. I gcomparáid leis an ré atá thart, ina raibh an tír seo ag braith ar infheistíocht choigríche, tá todhchaí iomaíochta na hÉireann anois ag braith go mór ar an nuálaíocht dúchasach. Is é forbairt cumais, acmhainní daonna nó an modh smaointeoireachta atá mar bhun-chloch dó siúd. Tá tábhacht as cuimse ag baint leis an chomhthéacs foghlama. Beidh ar cúrsaí léinn a bheith bunaithe ar idirmheáin a dhéanamh idir an saol áitiúil agus an saol domhanda. Tá ról faoi leith ag éagsúlacht chultúrtha chun tacaíocht a tabhairt don phróiseas sin. Ba chóir go mbeadh an t-oideachas ag cur béim ar luacháil, ar riosca a aithint agus a bhainistiú, mar aon le dearadh agus feidhmiú teicneolaíocht an eolais. Ba chóir go mbeadh an foghlaim ag díriú ar ghníomhú ina mbeidh na mic léinn ag chruthú luach agus fiúntas iad féin, seachas bheith ag bailiú eolais ó léachtóirí. Caithfear iarracht a dhéanamh meon radacach a chothú, chruthaitheacht a fhorbairt agus idéalachas a spreagadh. Bheadh iarracht faoi leith de dhíth chun pobal idirdhisciplíneach a chothú a bheadh ceangailte leis an pobal máguaird.

Tá fadhb faoi leith leis an struchtúr seanda oideachais tríú leibhéil in Éirinn, agus easpa chumais rannóga acadúil i gcoitinne maidir le comhoibriú le chéile, chun cláir thrasdisiplíneacha atá dírithe ar an margadh a chruthú. Tá sé níos deacra fós luachanna cultúrtha na Gaeilge a chosaint, a chaomhnú, nó fiú a shainmhíniú, sa lá atá inniu ann de bharr fórsaí idirnáisiúnta eacnamaíochta, teicneolaíochta agus cultúrtha. Ba chóir go mbeadh sé mar aidhm go bhfaighe céimithe tuiscint ar an ról tábhachtach atá ag oidhreacht, ag an áit dúchasach agus ag an gcultúr i bhforbairt na fiontraíochta.

Sé an cineál oideachais atá de dhíth ná clár gníomhfhoghlama a dhearadh agus a chur ar siúl ionas go mbeadh an cúlra praiticiúil atá riachtanach chun nuálaíocht a chothú agus fiontar rathúil a bhunú ag tiomáint na teoirice, agus ag tacú léi, mar mhalairt ar an ngnáthchleachtas acadúil. Bheadh ábhair mar seo a leanas le comhtháthú: scileanna i dteicneolaíocht an eolais, scileanna cumarsáide, líofacht sa Ghaeilge agus i dteangacha eile, cumas le gnó a bhunú agus a rith, léirthuiscint ar luachanna cultúrtha agus ar oidhreacht na tíre agus cúram dá timpeallacht uathúil. Chaithfí an tsamhlaíocht a spreagadh le go mbunódh na mic léinn comhair nó comhlachtaí dá gcuid féin, nó go rachaidís ag obair d’fhiontair eile, idir chinn bheaga agus chinn mhóra, tar éis dóibh a gcéimeanna a bhaint amach. Samplaí de na cineáil gnólachtaí a bheadh de dhíth ná cinn i réimsí atá bunaithe mar shampla, ar eolas, ceol, turasóireacht, ealaín, dearadh, ceardaíocht, gnó agus na hilmheáin.

Caithfear timpeallacht oideachais a chruthú ina n-éileofaí go ndéanfadh mic léinn obair phraiticiúil, go ndéanfadh siad cinntí, go bhfeidhmeodh siad mar bhaill d’fhoireann, go mbeadh idir iomaíocht agus comhoibriú eatarthu. Mar aon leis sin, bheadh dearcadh idirnáisiúnta de dhíth maille le mothú láidir féiniúlachta cultúrtha, gan bhéim a bheith ar shealbhú eolais agus ar theicneolaíocht amháin. Bheifí ag iarraidh meon neamhspleách a spreagadh chomh maith le freagracht do phobal na tíre chun féinmhuinín, meoin láidir morálta agus spioradálta a chothú. Bheadh deis iontach in oideachas mar é bheith in ann tacú le pobail sa domhain neamh-fhorbaithe le smacht a bhaint amach ar a timpeallacht fhisiciúil agus eacnamaíoch.

Ní hé gineadh eolais nua an rud is tábhachtaí inniu ach teacht ar eolas domhanda, líonrú agus ag cothú cónaisc. An dúshlán mór atá ann ná a aimsiú conas forbairt a dhéanamh ar phobail beoga foghlama a thugann deiseanna do dhaoine a gcumas a chomhlíonadh tríd líonraí domhanda digiteacha. Caithfear fréamhúlacht a fhorbairt - timpeallacht chultúrtha, sóisialta agus spioradálta a bhunathraíonn daoine, a chothaíonn difríochtaí aonair ach a spreagann muintearas ag an am céanna, mar shampla.

Is trua go bhfuil an rud a scríobh Colm Ó Briain, Iar-Stiúrthóir, An Chomhairle Ealaíon, tamall maith ó shin fós fíor, ‘the Irish education system contributes very greatly to the thinking person but very little to the feeling person’. Foghlaimaíonn daoine óga, go mór mhór tríd na healaíona fréamhaithe sa dúchas, conas iad féin a ath-chruthú, príomh-sprioc an oideachais. Níos mó ná rud ar bith eile, spreagann an tsamhlaíocht an duine. Leis na healaíona, tá daoine óga in ann an todhchaí a shamhlú, ag creidiúint go bhfuil a bhfís in ann an domhan féin a athrú. Tugann na healaíona fréamhaithe sa traidisiúin, bealach dóibh chun a gnéithe inmheánacha a chleachtadh agus a iniúchadh ionas go mbeidh siad in ann athraithe a láimhseáil agus iad oscailte do féidearthachtaí nua. Tá áit oibre an lae inniu lán de dhébhríocht agus caithfidh daoine óga breithiúnas a chleachtadh i gcomhthéacs gan rialacha. Forbraíonn inspreagadh intreach, a aithnítear tríd cuspóir, floscadh agus spraoi, glaoch agus misean faoi leith dóibh. Seo ullmhúcháin atá iontach luachmhar chun tabhairt faoi iontais agus neamhchinnteachtaí an todhchaí.

Fionnbarra Ó Brolcháin

18 Nollaig 2012

Ar ais