Fís Shóisialta don Ghaeltacht

le Conchúr Ó Giollagáin

Cur chuige nua don Ghaeltacht bunaithe ar thuiscintí sóisialta Bheartas Úr na nGael ar riachtanais chomhaimeartha na Gaeltachta

Ach an oiread le mórchuid mhionchultúir an domhain, tá Gaeil na Gaeltachta i ngleic le brúnna móra polaitiúla agus sóisialta atá ag bagairt ar an acmhainn chomónta atá acu maireachtáil mar phobal folláin seasmhach. Is iad na mionphobail a thionscnaíonn céimeanna misniúla le dlús a gcuid cainteoirí a chosaint is fearr a thabharfas aghaidh ar na brúnna seo. Teastaíonn fís shóisialta atá tarraingteach agus ábhartha do rannpháirtithe an phobail mar chéim tosaigh san obair seo. Is éard atá sa pháipéar seo ná iarracht bunús na físe seo a leagan amach.

An Dúshlán

In ainneoin cheapadh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus reachtú Acht nua na Gaeltachta (2012), ní léir go bhfuil an cur chuige reatha sa Ghaeltacht fréamhaithe i bhfís shóisialta atá ag teacht leis na dúshláin sa phobal seo. Aithníonn an Polasaí Oideachais don Ghaeltacht (2016) riachtanais an chainteora dhúchais, ach ní thugann an polasaí reatha i réimsí níos leithne den saol aitheantas do riachtanais an phobail Ghaeltachta. Mar sin, is féidir a áiteamh go bhfuiltear i mbun iarrachtaí le polasaí a cheapadh don duine Gaeltachta ach nach bhfuil polasaí againn don phobal Gaeltachta. Is é an t-easnamh is mó atá ar an gcur chuige reatha nach bhfuil sé dírithe ar an spriocphobal ag a bhfuil an acmhainn Ghaelach agus nach bhfuil an spriocphobal sin á gcúmasú ina gcinniúint thrioblóideach chomhaimseartha. Is é an pobal an príomhacmhainn le hurlabhra na Gaeilge a choinneáil beo. In éagmais polasaí pobail do Ghaeil na Gaeltachta is fánach an mhaise a cheapadh go dtiocfaidh rath ar na beartais eile atá ag iarraidh leas a dhéanamh d’inmharthanacht na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Is léir go bhfuil an cur chuige reatha ró-spleách ar an gcineál smaointeoireachta ba chionsiocair leis na treochtaí sóisialta a cheadaigh creimeadh na Gaeilge sna pobail Ghaeltachta sa chéad dul síos.

Is é aidhm na dtionscnamh a mholtar anseo céimeanna tosaigh a ghlacadh leis an spriocphobal a aithint agus tograí fóinteacha a chur i dtoll a chéile a chuirfidh le cumas an phobail sin aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim shóisialta na Gaeilge. Is iarrachtaí tosaigh iad a leagfas an bonn do chur chuige níos uileghabhála a bheidh de dhíth amach anseo.

I bhfianaise an fholúis smaointeoireachta i dtaobh na físe sóisialta don Ghaeltacht, is léir go bhfuil

  1. cuid shuntasach den phlé poiblí institiúideach agus acadúil easnamhach nó neamhábhartha do chineál na héigeandála atá ag goilliúint orainn agus,
  2. gá le céimeanna dearfacha tarrthála a chur i bhfearas agus malairt bhisigh a thabhairt ar an mífheidhm atá sa chur chuige reatha.

Teastaíonn moltaí úra i ngeall ar shéanadh na géarchéime, ar easpa tola na bhforas poiblí agus ar an neamhaird oifigiúil ar dhúshlán reatha na Gaeltachta. Is é aidhm an pháipéir seo moltaí a chur i láthair an phobail ina sonraítear cur chuige a bheidh ábhartha do chúinsí reatha agus a mhaolóidh an ghéarchéim. Seachas straitéis shainithe Ghaeltachta, fearacht atá á mholadh sa Bheartas Úr, is mó de chosúlacht an tséanaidh atá ag teacht ar chur chuige reatha na bhforas poiblí. Tá an easpa gnímh i measc na n‑insititiúidí a bhfuil cúraimí i leith na Gaeltachta orthu ag cothú an éadóchais. Ó thaobh an Státchórais de, is iad na moltaí úra atá ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i leith na bunscolaíochta Gaeltachta an t‑aon eisceacht ar an mífheidhm oifigiúil seo i láthair na huaire.

Is iomaí tuarascáil taighde a cuireadh ar fáil le blianta anuas a thugann le fios nach bhfuil an Ghaeltacht mar atá sí inmharthana. Tá dhá phointe shonracha ag teacht chun solais i dtaighde comhaimseartha na Gaeltachta:

  1. tá creimeadh tréan á dhéanamh ar dhlús na gcainteoirí Gaeilge sna pobail úd ina bhfuil bonn sóisialta le labhairt na Gaeilge ina measc go fóill; agus
  2. tá laghdú suntasach ar chumas agus ar fheidhm na Gaeilge i measc chainteoirí Gaeilge na Gaeltachta, go háirithe i measc an aosa óig.

Go deimhin, is féidir a áiteamh, de bharr na treochta seo, go bhfuil na Gaeil ag cailleadh na hacmhainne atá acu le glúin eile cainteoirí cumasacha Gaeilge a ghiniúint. Is ionann dul i léig na hacmhainne seo agus réamhfhógra ar bhás na Gaeltachta mar phobal sainiúil Gaeilge. Léirítear i staid reatha na Gaeltachta samhail de phobal atá ag druidim chun díbheois, is é sin pobal a bhfuil riachtanas acu ar athnuachan.

Filleadh ar an status quo

Is iomaí údar atá ag lucht cumhachta diúltú do riachtanais na Gaeltachta. Ina measc sin, tá an féinleas insititiúideach agus pearsanta trína meastar leas níos fearr a bheith sa status quo seachas i gcur chuige malartach a d’fhéadfadh a bheith níos ábhartha do na pobail ach a bheith níos dúshlánaí do lucht cumhachta féin agus dá bhforais. Filleadh ar an status quo ante (ach le buiséad níos teoranta) atá sa chur chuige reatha, in ainneoin na n‑impleachtaí a d’eascair as na tionscnaimh éagsúla taighde.

Is féidir patrún a aithint i gcomharthaí sóirt an tséanaidh. Seachas páirt a ghlacadh i bplé poiblí ar impleachtaí na fianaise cainníochtúla agus cáilíochtúla ar chleachtais chomónta Ghaeil na Gaeltachta, is fearr le lucht an tséanaidh a bheith ag trácht ar thaithí aonair. Tá earráid bhunúsach sa léamh indibhidiúil seachantach sin ar dheacracht choiteann an phobail: ní chealaíonn an mothú nó an dearcadh aonair an fhianaise staitistiúil ar an bhfírinne shóisialta.

Is féidir leis an lucht cumhachta míleas a bhaint as laigeacht shóisialta an phobail chun freastal ar a gcuid riachtanas institiúideach féin. Is deacair do phobal atá ag cailleadh dhlús sóisialta a rannpháirtithe dúshlán a thabhairt ar éidreoir na bhforas poiblí a bunaíodh an chéad lá le freastal orthu.

Is ionann an cur chuige neamhábhartha reatha agus tacaíocht a thabhairt don phribhléid bhunaithe seachas freastal macánta misniúil a dhéanamh ar riachtanais fhírinneacha.

Plé úr

Maímid anseo nach bhfuil na séantóirí a mholadh ach fanacht leis an status quo, an status quo céanna inar tháinig géarchéim na Gaeltachta i dtreis. Táimid ag cur anailís úr agus moltaí forásacha ar fáil d’fhonn plé níos folláine agus níos ábhartha a spreagadh i measc an phobail agus i measc na bhforas atá ceaptha freastal orthu. Tá anailís chriticiúil agus plé forásach in éindí le moltaí dinimiciúla dearfacha á gcur ar fáil san fhoilseachán seo.

Bunriachtanais – bonn don Bheartas Úr

Mar a shonraítear san alt eile sa leabhar seo, bíonn ceithre réimse pleanála de bhonn faoi aon leagan amach tarrthála mionteanga:

  • áit (an tíreolas);
  • caipiteal (an margadh);
  • teanga (feidhm na mionteanga);
  • pobal (rannpháirtíocht).

Tá bagairtí comónta fíormhóra ar mhionlaigh an domhain sa saol nua-aoiseach agus a shliocht orthu nuair atá a bhformhór mór i mbaol a mbáite ar gach leibhéal (logánta, caipitil, teanga agus pobail). Sinne ar fad mar mhionlaigh teanga, ar fud an tsaoil mhóir, atá ar thob imeacht as, agus ní beag sin de léiriú ar na dúshláin atá i gceist, dúshláin atá an Beartas Úr ag iarraidh a mhaolú agus a láimhsiú.

Beartas Úr na nGael

Molaimid anseo go bhforbródh na Gaeil struchtúir nua a bheidh i bhfeiliúint dár riachtanais reatha de réir anailís chruinn ar ár gcuid cúinsí reatha. Is léir go bhfuil cúrsa an struchtúir reatha ionann is rite agus gan fágtha againn ach iarsma lagbhríoch d’oidhreacht na bpolasaithe stairiúla Gaeilge nach bhfuil inniúil ar aghaidh a thabhairt ar na dúshláin faoi mar atá. Tá an status quo polasaíoch, agus iarrachtaí chun inmharthanacht na Gaeilge a chothú, ag teacht salach ar a chéile. Tá beartas úr á mholadh anseo don phobal Gaelach.

Is é an chéad chéim i mbeartú ár leasa, fírinne chinniúint ár bpobail a aithint i dtosach báire. D’fhonn an Ghaeilge sa Ghaeltacht a athneartú ní mór tabhairt faoi phróiseas athnuachan phobail. Is é an sprioc a bheadh i gceist sa phróiseas seo ná daoine a aontú maidir lena gcuid aidhmeanna, seachas iad a dheighilt ó chéile ina n‑aonaráin. Beidh ceithre pháirt sa chúram athnuachana seo agus is gá an struchtúr reatha Gaeltachta a athmhúnlú nó a bhabhtáil leis an tsraith áisíneachtaí comhfhreagracha seo a leanas:

(1) Dáil na nGael

Bunchloch an struchtúir: Fóram nó tionól poiblí a chuirfeadh meicníocht ar fáil maidir le ceannaireacht a chumasú agus cead feidhmíochta a thabhairt do straitéisí agus do ghníomhaíochtaí praiticiúla chun leas an ghrúpa atá sa Dáil seo.

Tabharfaidh an tionól seo deis mar sin do na Gaeil cultúr sibhialta na Gaeilge a chothú agus fóram ábhartha a chur ar bun ina dtiocfaidh ceannaireacht fholláin phobail chun cinn agus a dhéanfaidh iarracht chomhfhiosrach an pobal a dhlúthú sna haidhmeanna comónta atá acu.

Reáchtálfar struchtúr dlisteanach na Dála seo ina chomhlacht teoranta gan scarchaipiteal. Is grúpa nó coiste stiúrthóirí a chuirfidh feidhm leis na polasaithe a aontóidh Dáil na nGael.

Beidh buntáistí eacnamaíochta den sórt seo a leanas le bainistiú ag na Stiúrthóirí ar son na rannpháirtithe chun dlúthpháirtíocht an ghrúpa a chothú (go háirithe sa Tearmann): poist agus cúnamh fostaíochta (leithéid malartán fostaíochta), deontais tithíochta agus lonnaithe, díbhinn teaghlaigh, deontais oideachais, creidmheas cánach. Agus beidh buntáistí sóisialta den sórt seo i gceist: clubanna sóisialta is spóirt, clubanna óige, gréasáin sainspéise, forais sainoideachais, campaí samhraidh, beartais óige, tograí traenála srl.

(2) Acadamh na nGael

Samhlaítear Acadamh na nGael ina fhoras taighde agus comhairle a chuirfidh tacaíocht ar fáil do Dháil na nGael agus a cuid stiúrthóirí. Is struchtúr foirmiúil é trína gcuirfear tograí ábhartha taighde ar bun a sholáthróidh bonn anailíse agus faisnéise don bheartú straitéiseach a theastóidh ón ngrúpa. Cuirfidh sé comhairle straitéiseach ar fáil faoin gcineál pleanáil phobail mionlaigh a bheidh le forbairt.

Go sainiúil beidh trí chúram ar Acadamh na nGael:

  1. taighde a thionscnamh agus pleanáil straitéiseach a dhéanamh;
  2. tacaíocht acadúil a chur ar fáil do réimse soch-chultúrtha na Gaeilge mar is cuí;
  3. Taisce Ghaelach a reáchtáil: Tionscadal pleanála agus soláthar físchorpais a bheidh sa Taisce Ghaelach a mbeidh dhá mhóraidhm scaracha aige:
  • doiciméadú ilghnéitheacht shochtheangeolaíochta agus antraipeolaíochta na Gaeltachta agus na Gaeilge ar láimh amháin, agus ar an láimh eile de
  • soláthar foinsí ilghnéitheacha den chaint, den fheidhm shóisialta, den litríocht, den bhéaloideas, den aisteoireacht, den chultúr, den láithriú oideachasúil, den eolaíocht, agus gnéithe eile nach iad. Is léir go bhfuil práinn mhór le Taisce Ghaelach mar seo, mar is gearr nach mbeidh cainteoirí cumasacha ann lena leithéid a sholáthar agus is géar a theastóidh a leithéid d’acmhainní ó Ghaeil amach anseo, agus daoine eile a mbeidh suim acu san eitnitheangeolaíocht seo agus i dtaifeadtaí físiúla agus i léirithe feidhmiúla barántúla den chultúr seo ón tréimhse a raibh bonn sóisialta stairiúil leis.

(3) Iontaobhas Maoine

Chun na hacmhainni airgid a bheidh de dhíth a bhailiú ó fhoinsí príobháideacha le cur le pé tacaíocht phoiblí a chuirfear ar fáil, más ann in aon chor é.

(4) Tearmann Mionteanga

Mar thoradh ar an obair seo déanfar iarrachtaí córasach pobail a athbhunú ina mbeadh dlús leordhóthaineach cainteoirí gníomhacha Gaeilge chun inmharthanacht pobal cainteoirí Gaeilge a chinntiú. Is gréasán de dhlúthstruchtúir a thógfar de réir a chéile atá i gceist ina gcothófar aeráid thacúil shainiúil do Ghaeil an Ghaeilge a labhairt.

Ina dhiaidh sin, cuirfidh an pobal seo láthair nó láithreacha bisiúla ar fáil chun nósmhaireacht sheasmhach logánta Ghaeilge a chinntiú nó Tearmann mionteanga.

Clabhsúr

Dá bhrí sin, maímid gur bonn réalaíoch atá á thairiscint againn don phlé ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus go dtabharfaidh an Beartas Úr seo aghaidh ar riachtanais na nGael agus ar a n‑eitneachultúir. Ní réiteach atá sa status quo mar go bhfuil sé ag comhoibriú nó ag glacadh go fulangach leis na próisis shóisialta agus pholaitiúla is cionsiocair le dul i léig na Gaeltachta agus le plúchadh an eitneachais Ghaelaigh.

Ar ais