Coiscéim Aimhirghin: ionannú mar bhealach romhainn
le Paddy Bushe, File
Le bheith macánta, nuair a chuir Seán Ó Conláin glaoch orm ag iarraidh orm píosa cainte a dhéanamh don webinar Cumasú Pobail agus an Ghaeltacht, ar an 7ú Iúil, 2020, bhí leisce orm é a dhéanamh. Níorbh é nach bhfuil suim agam san ábhar, agus cinnte ní hé nach ceist phearsanta dom féin agus dom chlann é. Táim féin agus mo bhean Fíona inár gcónaí le beagnach leathchéad bliain in Uíbh Ráthach, Gaeltacht bheag scoite atá ar an dé deiridh ó thaobh na teangan de, má tá an dé féin inti. Agus tá an bhagairt daonrúil beagnach chomh práinneach céanna. Níl áit eile sa tír, seachas b’fhéidir tuaisceart Mhuigh Eo, a bhfuil an bánú daonrúil céanna ann ó bhunú an Stáit.
Ach, adúrt liom féin, cad a bheadh le rá agamsa faoin gceist seo ag a leithéid de fhóram? Iar-mhúinteoir mé, ach d’éiríos as an mhúinteoireacht tríocha bliain ó shin, agus táim ag plé le filíocht ó shin. Ní socheolaí mé. Is beag mo thuiscint ná m’eolas ar chúrsaí eacnamaíochta ná cúrsaí gnó, agus is lú fós mo thaithí orthu. Ach d’áitigh Seán Ó Conláin orm, is dóigh liom de bharr mo thaithí ar ócáidí cultúrtha pobail a eagrú, go mbeadh rud éigin le rá agam. Agus ós gur file mé, tosnóidh mé le filíocht.
De réir an Leabhar Gabhála, tháing Clanna Mhíle, na Gaeil, go hÉirinn ón nGailís i dtuaisceart na Spáinne. Thángadar i dtír ar an dtráigh díreach faoi mo thigh ar Bhá na Scealg anseo in Uíbh Rathach. Leag a gceannaire Aimhirghin, a chos dheis ar an dtalamh, agus dúirt:
Mé gaoth ar muir
Mé tonn díleann
Mé glór mara
Mé damh seacht gcomhrac
Me fiolar ar fhaill
Mé deor drúchta faoin ngréin
Me áilleacht fáis
Mé torc ar ghail
Me bradán sa linn
Mé loch ar mhá
Mé suí eagna
Mé ga faoi bhua ag slaí sa chath
Mé dia a adhnann tine sa cheann
Sin mo leagan Nua-Ghaeilge de chuid den mbuntéacs Meán-Ghaeilge. Tá an dán chun tosaigh im aigne agus im shamhlaíocht le beagnach leathchéad bliain. I dtosach ba toisc gur scéal áitiúil ab ea an dán agus a comhthéacs, scéal áitiúil a bhí ina mhiotas bundúchasach don dtír ar fad le breis is míle bliain. Ach le blianta beaga anuas tá an dán seo – go dtugaimse anois Coiscéim Aimhirghin air – chun tosaigh im aigne toisc go gcloisim é mar fhorógra eiceolaíoch. De réir an insint thraidisiúnta náisiúnach, glacann Aimhirghin seilbh ar an dtír ar son a mhuintire. Ach is féidir a rá gurb é a dheineann an taoiseach/file/breitheamh Aimhirghín ná ionannú, nó go deimhin comhtháthú, leis an áit nua, le taobh tíre na háite, le fásra, ainmhithe agus éanlaith na háite. Deir sé gur cuid den dtimpeallacht é féin agus gur gur cuid de féin an timpeallacht. Sin an choiscéim intinne a thógann Aimhirghin, ag an am gcéanna is a bhfuil coiscéim fisiciúil ar chósta na hÉireann á thógaint aige. Is ar son a mhuintire a thógann sé an choiscéim sin. Dá réir sin agus dá bhrí sin, má dheineann an mhuintir sin dochar don dtimpeallacht is dóibh fein atá an dochar á dhéanamh, is féin-ghortú atá á chur i gcrích. Dar liom go bhfuil go leor le foghlaim againn fós ón dán sin le Aimhirghín.
Mar is intuighthe ón méid a dúras, nílimse inniúil ar fhorbairt eacnamaíochta ná ar chúrsaí gnó. Tá inniúlacht áirithe agam i leith cúrsaí cultúrtha, agus cúrsaí cultúrtha sa gciall is leithne atá i gceist agam. Is léir nach féidir cultúr beo a bheith ann gan daonra chun é a chothú. Táimse ag maíomh go bhfuil easnamh cultúrtha chomh bunúsach i gceist bánú daonrúil sa lá tá inniu ann is atá easnamh eacnamaíochta. Ní easpa postanna amháin is cúis le daoine óga agus go háirithe lánúin óga bheith ag fágaint na tuaithe. Tá easnaimhí sóisialta agus cultúrtha chomh bunúsach céanna. Tá bearnaí agus riachtanaisí ann nach leor fóirne peile nó iománaíochta chun iad a líonadh. Timpeallacht nádúrtha, stair áitiúil, litríocht, ceol, béaloideas, logainmníocht, dramaíocht, ealaín físe, an teanga: tá lárnacht ag baint le nithe mar seo má tá áitreabhaigh cheantar ar bith sa tír, Gaeltacht nó iarGhaeltacht le féachaint ar a gceantar féin mar áit inmhianaithe agus tarraingteach chun lonnú ann, seachas le turasanna abhaile a thabhairt air. Tugann teideal an webinar seo tosaíocht do inmharthanacht na teanga i gcumasú an phobail. Agus is maith ann an tosaíocht sin, mar tá sí fite fuaite, dar liom, le inmharthanacht an phobail, mar chuid de eiceolaíocht an phobail sin. Agus leagaim béim ar an bhfocal pobal seachas ar an bhfocal tír, agus go háirithe seachas ar an bhfocal náisiún. Sa bhliain 1892, thug Dubhghlas de hÍde léacht dar teideal The Necessity for De-Anglicising Ireland. Is trua liom i gcónaí nár scríobh sé The Necessity for Re-Gaelicising Ireland. Im thuairimse – agus tuigim go maith gur tuairim mionlachúil go maith é – dhein an t-ionannú cúng náisiúnach idir Éireanneachas agus Gaelachas, a thaínig i réim sa tír i dtús an chéid seo caite, dochar fadthéarmach don nGaeilge seachas a mhalairt. Ba éasca an fheallsúnacht í le béalghrá nó lip-service a thabhairt di, agus ba éasca ansin neamhshuim a dhéanamh di. Ba éasca ráiteas dá réir a chur i mBunreacht 1937, ag maíomh, toisc gurbh í an Ghaeilge “an teanga náisiúnta”, gurbh í dá réir “an phríomhtheanga oifigiúil”. Ach má thosaímid amach ag insint bréaga dúinn féin, go náisiúnta nó go háitiúil, is caol an tseans go néireoidh linn aon rud a chur i gcrích.
Ar ndóigh ní chun bunreachtúlachta na ceiste atáim, ach déarfaidh mé seo: ní choimeádfar an teanga beo i nGaeltachtaí na tíre trí bheith ag áiteamh ar dhaoine gur cineál éigin dualgas náisiúnta isea an teanga a labhairt. Dá mbeadh a leithéid éifeachtach, bheadh Gaeilge faoin dtráth seo á labhairt go laethúil, ní hamháin sa Ghaeltacht ach fud fad na tíre. Coimeádfar beo í má chreideann muintir na Gaeltachta gur chun a leasa féin atá sé í a choimeád beo, go mbeidh blas níos fearr ar a mbeatha agus ar bheatha a bpáistí de bharr í bheith á cleachtadh ina measc. Is dócha gur “caighdeán beatha/quality of life” seachas “caighdeán maireachtála/standard of living” atá i gceist agam, ach ar ndóigh ní féidir caighdeán ard beatha bheith ann gan chaighdeán sásúil maireachtála a bheith ann mar bhonn leis. Breathnáim ar leithinis Chorca Dhuibhne ó thuaidh uainn anseo, agus chím saol cultúrtha i bhfad níós bríomhaire ná mar atá anseo i leithinis Uíbh Rathaigh. Cé go bhfuil an Ghaeilge lárnach sa difríocht idir an dá leithinis, tá an difríocht sin le sonrú freisin maidir le cúrsaí ceoil, cúrsaí litríochta, cúrsaí ealaín físe, cúrsaí timpeallachta nádúrtha, féiltí cultúrtha agus timpeallachta agus go leor eile. Anois nílim ag maíomh nach bhfuil fadhbanna agus brú ó thaobh teanga agus daonra sa leithinis sin. Ach is léir go bhfuil seasamhacht daonra agus eacnamaíochta ann nach bhfuil anseo abhus, agus go bhfuil féin-mhuinín agus féin-chreideamh cultúrtha an phobail lárnach sa difríocht. Agus féach freisin an borradh pobail agus teanga atá le brath sa Rinn i bPort Láirge.
Tá ceist na teanga, ar shlí, chomh simplí leis seo: is saibhre-de aon cheantar sa tír an Ghaeilge a bheith chomh beo agus is féidir i measc pobal an cheantair sin. Ceist eiceolaíochta atá ann, mar atá cíortha go léannta agus go doimhin ag Michael Cronin. Is cuid de mhaoin an phobail an Ghaeilge. Is cuid de mhaoin an phobail an Béarla. Féin-ghortú don bpobal é aon chuid den mhaoin sin a chaitheamh uathu, díreach mar gur fein-ghortú é bithéagsúlacht na timpeallachta a laghdú nó a mhaolú. Caithimis uainn cuing an Necessity for De-Anglicising a leagamar orainn féin ag tús na hAthbheochana. Féach an argóint áiféiseach sheasc a bhí ann roinnt blianta ó shin faoi Dingle a bheith mí-dhleathach mar ainm seachas An Daingean: pobal go nimhneach in adharca a chéile mar gheall ar ainmneacha atá araon in úsáid leis na céadta bliain. Ní gá aon rud a chailliúnt agus sinn ag caomhnú nó ag athshealbhú na Gaeilge.
Níl aon chinnteacht ná éascaíocht freagra ag gabháil leis na ceisteanna casta seo. Ach táimse deimhin den mhéid seo. Ní shlánófar aon phobal imeallach ná aon teanga imeallach muna dtuigtear don bpobal gur cuid dílis lárnach díobh a dtimpeallacht aitiúil féin; gur cuid dílis lárnach díobh samhlaíocht agus cultúr na timpeallachta sin; agus, i gcás na Gaeltachta, gur cuid dílis lárnach díobh an dá theanga atá ina seilbh. Ina dhiaidh sin, agus an tuiscint sin ag an bpobal, caithfidh an pobal cinneadh a thógaint gan iad féin a ghortú. Tá gach straitéis teanga, gach plean teanga, gach ceart teanga agus gach reachtaíocht teanga tánaisteach don mhéid sin.
Ós gur file mé, críochnóidh mé le filíocht. Seo dán a scríobhas le déanaí, dán Béarla a dheineann tadhall áirithe leis an méid a bhí le rá agam: