An Béarla mar Mhíbhuntáiste!

Luann lucht gnó na hÉireann go minic gur buntáiste mór é go labhraíonn muintir na hÉireann Béarla, agus gan míbhuntáiste ar bith a lua leis sin in aon chor. Ach cinnte is mí-bhuntáiste uaireanta do na Gaeil bheith ina gcainteoirí dúchais Béarla! Cé go bhfuil Béarla ag a lán feidhmeannaigh idirnáisiúnta, ní cainteoirí dúchasacha Béarla formhór acu in aon chor. Ní raibh teanga ríomh chomh forleathan agus atá Béarla na linne, ach tá cainteoirí dúchasacha Béarla ina mionlach, agus an céatadán sin ag ísliú de réir a chéile. Níl na cainteoirí dúchasacha seo go maith ag déanamh cinnte de go dtuigtear iad. Go deimhin, deirtear go reachtáiltear cúrsaí gnó as Béarla níos fearr nuair nach bhfuil aon chainteoirí dúchasacha Béarla i láthair ar chor ar bith. Tá fadhb faoi leith ag na Gaeil sa chomhthéacs sin, ag iarraidh ar dhaoine nach bhfuil an Béarla acu ón gcliabhán muid a thuiscint. Mar a dúirt Ostarach sa Financial Times i 2007, ‘when the Irish call, it gets complicated and taxing’.

Dar ndóigh, is teanga ard-fhorbartha agus ilúsáideach í an Béarla, í faoi láthair ina meán chumarsáide domhanda agus, is léir, ina teanga ceannasach maidir le cúrsaí gnó idirnáisiúnta. Ach fágann cothú eisiach an Bhéarla ag lucht gnó na tíre, na Gaeil, dar leis an scoláire clúiteach Breandán Ó Doibhlin, mar ‘heirs to the parochial belief that English is in fact universally known’. Tá seo tar éis na Gaeil a iompú isteach i gcultúr aonteangach; staid níos oiriúnaí do thíortha atá níos saibhre agus níos cumhachtaí. Tá seo an-bhaolach freisin: níor chóir dúinn bheith ag cur ár n-uibheacha go léir sa chiseán amháin.

Tá fáth an-shimplí eile nach leor an Béarla, teanga sholúbtha na meán cumarsáide, mar ghnáth-theanga ghnó na tíre seo: ní linne amháin í. Mar thír beag, níl sé de chumas againn an Béarla a bheith mar ghné phríobháideach againn chun sinn a chosaint ar fhórsaí iasachta. Is ar a son féin, dá réir sin, ba chóir do lucht gnó na tíre a bheith ag tacú leis an nGaeilge chun sainiúlacht, féiniúlacht agus nuálaíocht a chothú. Cé gurbh í an Béarla go príomha an fheithicil mharthana don chultúr Gaelach ó lár na naoú haoise déag ar aghaidh, is botún bheith go hiomlán ag braith air chun ár bhféiniúlacht Ghaelach a chothú. Tá impleachtaí ann dá bharr freisin do bhochtú an fhuinnimh cruthaitheachta. Tá míbhuntáiste faoi leith ag an mBéarla mar theanga agus muid ag druidim le Ré an Eolais. Cé go bhfuil gaol casta idir teanga, ciall agus machnamh, is léir go bhfuil nós an mhodh eolaíoch, an cleachtadh sin de bheith ag smaoineamh i dtéarmaí adamhacha agus réadacha, dlúthcheangailte le forbairt an Bhéarla go hidirnáisiúnta. Faoi mar a léirigh an fisiceoir iomráiteach, David Bohm, tá smaointeoireacht an Iarthair anois scoilte go maith. Chuir sé an milleán ar struchtúr an Bhéarla de bharr a chuid abairtí a bheith roinnte suas mar ‘ainmní-briathar-cuspóir’. Sa stíl loighciúil smaointeoireachta seo, feictear an domhan ina aonáin scoilte, tríd lionsaí a chuireann faoi chois gnéithe dinimiciúla agus gaolmhaireachta. Tugann foirmeacha ‘láidre’ eolais mar é tús áite do ‘daingne’ nó ‘intadhaille’ rudaí, a leithéid téarmaí mar ‘daoine aonair’, ‘eagraíochtaí’, ‘sochaí’, ‘straitéis, ‘cinnidh’ agus ‘buntáiste straitéiseach’.

Bheadh sé chun a leasa féin, mar sin, ag lucht gnó na hÉireann tacú le féiniúlacht agus sainiúlacht Ghaelach tríd an teanga a chaomhnú. Ach is minic a chloistear gur cheart dúinn an Ghaeilge a fhágaint ar lár agus teangacha ‘praiticiúla’ a theagasc ina hionad. Déantar neamairt ar ról na Gaeilge mar acmhainn uathúil chun nualaíocht agus iomaíocht idirnáisiúnta a chothú. Fiú siar i 1963, cúig bliana tar éis d’fhoilsiú an Chéad Chláir um Fhorleathnú Eacnamaíoch, pointe casaidh ríthábhachtach i gcruthú pholasaí geilleagrach na tíre, chonaic an Gael-Mheiriceánach Eoin McKiernan dul i léig na Gaeilge ní mar chomhartha d’easpa intleachta ach easpa tola, ag a raibh tionchar i bhfad níos mó air ná fadmharthana an teanga féin. Chuir sé an milleán ar ísleacht dúghafa charachtair nua-aimseartha na nGael ionas nach raibh daoine go raibh an chéad runga den rath sroichte acu in ann luachanna thar, mar a dúirt sé, ‘the clink in the till’ a aimsiú. Caoga bliain ar aghaidh, tá Éire fós ag cailliúint a teanga agus a cultúr uathúil dúchasach, ag druidim go tapaidh i dtreo staid gan difríocht ar bith idir í agus na tíortha eile a labhraíonn Béarla.

Fionnbarra Ó Brolcháin

20 Nollaig 2012

Ar ais