An Taisce Ghaelach

le Brian Ó Curnáin

Nuair atá an baol ann go bhfuil rud ar tí imeacht as, agus go bhfuil gá lena shábháilt, cuirtear ar shlí shábhála é, an uair is féidir. Má tá áit leathmhór agat, is 'tearmann' atá insa tslí shábhála sin. Má tá áit níos lú agat, tabharfaidh tú 'taisce' air. Tá an saol nua-aoiseach ag marú mhionteangacha an domhain, an Ghaeilge ina measc. Ach tá bua ag an saol nua-aoiseach céanna gur féidir linn tréithe éagsúla na mionchultúir atá i mbaol báis a chur i dtaisce i bhfoirm dhigiteach. Dhá mbeadh, mar shampla, timpeallacht éiceolaíochta faoi bhagairt ag tine nó tuile nó athrú aeráide nó dian-díchoillteoireacht, choisneofaí tearmann áitiúil, nó chuirfí síolta na bplandaí i stór. Is as an smaointeoireacht loighiciúil seo a thaganns na coincheapa Tearmann na nGael agus An Taisce Ghaelach.

Tá cainteoirí iomlána Gaeilge gann agus ag dul i ngainne. Sé an Taisce Ghaelach an deis dheireanach atá ag an nglúin seo, oidhreacht shaibhir Ghaelach a fhágáil ag na glúinte atá le theacht. Caithfimid ár n-uacht a dhéanamh! Caithfimid a rá linn féin 'Mara bhfeabhsóidh cúrsaí, faoi cheann fiche, nó céad, dhá chéad nó trí chéad bliain, ní bheidh aon phobal cainteoirí cumasacha Gaeilge ann. Aon duine a mbeidh spéis aige nó aici sa nGaeilge amach anseo, céard a déarfaidís linne ba mhaith leo a bheadh curtha againne ar fáil dóibh?' Caithfimid muid féin a chur i mbróga na ndaoine sin agus freastal orthu chomh maith agus is féidir linn a shamhlú. Tá leithéidí na nglúinte atá le theacht cheana ann. Dream a bhfuil a 'nGaeltacht' caillte acu cheana. Mar shampla, cé na háiseanna teanga agus cultúir ba mhaith le muintir Chúige Laighean nó oirthear Chúige Uladh, nó le muintir dheisceart Ghaeltacht na hAlban, nó le muintir Oileán Mhanainn, nó le muintir Choirn na Breataine? Áiseanna ba mhaith leo ach nár cuireadh ar fáil dóibh. Is cinnte go mbeadh fáilte mhór acu roimh thaifeadtaí ardchaighdeáin de chainteoirí cumasacha dúchais ag plé agus ag láithriú ábhar spéisiúil leathan.

Céard ba cheart a chur insa Taisce Ghaelach? An oiread agus is féidir; d'ábhar atá chomh leathan, chomh saibhir, chomh héagsúil, chomh healaíonta agus chomh maith agus is féidir. A leithéidí seo:

  • Fístaifeadtaí de scannáin, dhramaí, chartúin, de bheochan, agus de chláracha teilifíse;
  • Taifeadtaí den litríocht chomhaimseartha agus stairiúil, do gach aoisghrúpa; aistriúcháin; údair chomhaimseartha ag léamh a saothar; prós cruthaitheach agus prós teicniúil agus tuairisciúil agus filíocht;
  • Taifeadtaí den bhéaloideas; seanchaithe taifeadta agus an béaloideas atá breactha a bheith á léamh agus á láithriú; cuimhní cinn agus comhráití; cúrsaí grinn agus caitheamh aimsire;
  • Áiseanna oideachasúla; Ranganna do gach leibhéal in ábhair éagsúla; Léachtaí ginearálta agus tríú leibhéil;
  • Amhráin á n‑aithris agus á gcanadh, idir shean agus nua;
  • Cláracha raidió.
  • Is léir go mbeadh idir thaifeadtaí atá déanta cheana agus thaifeadtaí is gá a dhéanamh le cur sa Taisce. Is féidir áiseanna comhthéacsaithe agus tacaíochta foghlama a chur leo. Samplaí den láithriú ardchaighdeáin is ea Rabhlaí, Rabhlaí ina bhfuil rannta páistí, agus scannán de Chré na Cille Uí Chadhain.

Agus an Taisce ar fáil, bheadh teacht ar rogha leathan d'ábhar as Gaeilge agus ba mhór an spreagadh é do shealbhú maith Gaeilge agus do bhuanú cumais Ghaeilge agus féiniúlacht Ghaelach. Samhlaigh, faoi cheann fiche bliain nó cúpla céad bliain, agus duine ag taisteal ag a chuid oibre ar maidin, nó le linn am saor eile, go bhféadfadh sé nó sí labhairt lena ghléas digiteach agus a rá leis Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne a chasadh, nó ceann ar bith eile de chlasaicí na Gaeilge siar go tús na litríochta sa mbuntéacs nó i dtéacs Ghaeilge an lae inniu, nó scéalta grinn béaloideasa nó taifeadadh den Bhéal Bocht nó léiriú beochana den Fhiannaíocht.

Níl mórán daoine fanta sa lá atá inniu ann atá in ann a leithéidí sin a léamh go cruinn agus a láithriú go cumasach. Is muide an ghlúin dheireanach atá in ann an Taisce seo a sholáthar. Agus an ghrian ag dul faoi ar an saol Gaelach, de cheal Tearmainn, beifear buíoch dhínn as na seoda glé seo a chur i dtaisce agus a bhfágáil mar a bheadh pobal fíorúil ann agus mar oidhreacht don domhan. Crú a chur ina thosach, anois nó riamh.

Tá an Ghaeilge chumasach á ceapadh i bhfoirm bhuan le fada, ar ndóigh, agus tá tionscnaimh éagsúla ar bun faoi láthair is féidir a thabhairt faoi scáth na Taisce Gaelaí. Is féidir aghaidh a thabhairt ar an gceapadh seo ar scálaí agus ar leibhéil éagsúla agus d'fhéadfadh taifeadóir amháin nó beirt go leor a bhaint amach as seo go ceann deich mbliana, abair. Ach le Taisce Ghaelach uaillmhianach a chur i gcrích sa scála ama céanna is léir go dteastaíonn foirne éagsúla: cainteoirí, láithreoirí, teicneoirí físe agus fuaime agus teicneolaíochta, taifeadóirí, eagarthóirí, riarthóirí. Teastaíonn lucht stiúrtha leis an bhfoireann sin a stiúradh. Ba cheart forais éagsúla theacht i gcomhar le chéile lena gcuid saineolais a roinnt agus leis an obair a dhéanamh eatru i gcomhoibriú idir-institiúideach idirdhisciplíneach faoi threoir coiste stiúrtha. Lena mhaoiniú is léir go dteastaíonn roinnt milliúin eoró. Chaithfí sin a mhéadú dá dtabharfaí Albain Ghaelach san áireamh. Ba cheart tosnú láithreach i mbun na hoibre is simplí agus leanacht gan mhoill le pleanáil d'obair ba choimpléascaí.

Ar ais