An ‘Margadh Éireannach’

nó an ‘Magadh Éireannach’

Is minic a chloistear tráchtairí agus daoine atá i mbun gnó, lucht Fiontraíocht Éireann ach go háirithe, go bhfuil ‘Margadh na hÉireann’ róbheag. Luaitear ceithre mhilliún duine mar fhianaise, nó sé mhilliún, ag braith ar dhearcadh an chainteora. Ach is cuma faoi sin, mar níl an ceart ag ceachtar acu. Ní hé méid an mhargaidh an fhadhb, ach nach ann dó in aon chor, dáiríre.

Nuair a dhéantar trácht ar mhargadh náisiúnta ar leith, ar nós margadh na Spáinne, na hUngáire, na Danmhairge, &rl, bítear ag trácht ar mhargadh atá éagsúil agus a éilíonn láimhseáil ar leith. Is minic nach mbíonn an táirge nó an tseirbhís a bhítear á chur ar fáil mar an gcéanna sna margaí éagsúla: b’fhéidir nach mbíonn sa difear ach treoracha úsáideora atá éagsúil, nó comhéadan. Uaireanta eile, b’fhéidir an blas, más bia nó deoch a bhíonn i gceist (Deirtear go bhfuil breis agus 200 leaganacha éagsúla de Nescafé ann, mar shampla, chun freastal ar na margaí go léir ina bhfuil sé ar díol). De ghnáth, bíonn ar a laghad an pacáistiú agus lipéidiú ar an taobh amuigh éagsúil, agus i dteanga an mhargaidh sin, pé hí sin. Tarlaíonn sé seo beag beann ar iarrachtaí an Aontais Eorpaigh margadh aontaithe a chruthú. Ar deireadh, bíonn ar an soláthraí dul i dtuilleamaí duine éigin nó cuideachta éigin atá lonnaithe sa mhargadh sin, dáileoir áitiúil mar shampla, chun an táirge a bhrú, nó foth-chomhlacht a bhunú ann chun an obair sin a chur i gcrích.

Ach cad a tharlaíonn i ‘Margadh na hÉireann’? An rud a tharlaíonn anseo ná faic, de ghnáth. Más táirgeoir thú san Iodáil, i gCóiré, i Sasana, nó sa tSualainn, an ndéanann tú aird ar leith thabhairt ar Éirinn? Ní dhéanann, de ghnáth (mura mbíonn riachtanais reachtúla ar leith i gceist). Nílimid ar an liosta, de ghnáth, mar ceannaímid an stuif chéanna a dhíoltar i Sasana, gan athrú ar bith. Ciallaíonn sé seo gur margadh aontaithe é margadh na hÉireann agus margadh na Breataine do an-chuid táirgí agus seirbhísí. Tá siadsan a deir gur iontach an rud é sin. Nach iontach an deis í seo dúinn? Cinnte!

Tá impleachtaí an-mhóra aige seo. Más comhlacht thú in Éirinn, go háirithe comhlacht beag nua, agus é i gceist agat táirge úr a chur ar fáil ar an ‘margadh’, níl aon dul as agat ach é a dhíol sa Bhreatain freisin, mar beidh tú ag iomaíocht le táirgí ón mBreatain nó don Bhreatain ar aon nós, in Éirinn. (Rud eile: tá sé ag éirí na deacra rudaí a dhíol in Éirinn féin, chomh maith, agus an córas dáiliúcháin i lámha díoltóirí Sasanacha. Constaic eile: go nglacfar leis an táirge.) Beifear dod’ ardmholadh don ‘easpórtáil’. Ach tá sé seo dian, agus i bhfad níos déine ná mar atá sé dod’ iomaitheoirí atá lonnaithe sa Bhreatain cheana féin. Tá an buntáiste acu siúd agus iad bunaithe ann. Chun go mbeifeá in ann iomaíocht, caithfidh tú géilleadh ar rud éigin, an praghas de ghnáth. Mar sin, braitheann an múnla seo ar an Éireannach a bheith sásta glacadh le hioncam níos ísle ná an Sasanach don iarracht céanna. É sin, nó an comhlacht a bhogadh trasna go Sasana, rud a tharlaíonn minic go leor.

Ní mar sin i dtíortha eile. Dá mbeadh ár dteanga féin in úsáid go forleathan in Éirinn i gcúrsaí gnó, bheadh cosaint againn ó ionradh na dtáirgí, na seirbhísí agus na ndíoltóirí ón mBreatain, agus ní bheadh gá géilleadh ar phraghsanna, mar shampla. Chaithfeadh éinne atá ag díol anseo díol linne ar ár dtéarmaí, agus bheadh an buntáiste ag ár muintir féin. Ní fhéadfaí córas níos oscailte do na Sasanaigh a cheapadh ná an córas atá againne. Tuige nach ngabhfaidís an margadh?

Cheapfá ag éisteacht le tráchtairí gur iontach an rud é gur margadh oscailte atá againn sa Phoblacht. An bhfuil sé dáiríre maith? Ní i gcónaí, i mo thuairimse. Is beag stiúir atá ag an Stát ar chúrsaí. Agus ní rud é a mholann tíortha eile.

Féach ceist Intertrade Ireland. Seo eagraíocht a cruthaíodh chun tráchtáil idir dheisceart agus tuaisceart na hÉireann a mhealladh, sprioc iontach ar ndóigh. An argóint acu ná go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh an dá chuid d’Éirinn ag trádáil lena chéile, seachas go neamhspleách le háiteanna eile, dála na Breataine. Tá staitisticí acu a léiríonn gur beag trádála a bhíonn tras-teorainn. Ach, im’ thuairimse, ní bhaineann an fhadhb seo leis an dteorainn féin (cé nach gcabhraíonn sé, cinnte), ach leis an dteanga atá in úsáid. Dá mba rud é go raibh a réimeas féin cáin bhreis luacha (VAT) ag Cúige Mumhan, mar shampla, gach seans go bhfeicfí an scéal céanna - sé sin níos mó trádála idir Cúige Mumhan agus an Bhreatain ná idir Cúige Mumhan agus an chuid eile den tír (an Tuaisceart san áireamh). Ní cheannaíonn muintir Luimnigh leabhair ó Bhéal Feirste, ná muintir Shligigh éadaí ó Chorcaigh, agus mar sin de. Ach ceannaímid ar fad brioscaí ó Shasana.

Tá baint an-mhór ag an dteanga a úsáidtear le nádúr an mhargaidh. Má theastaíonn uainne a bheith ní cosúla leis an Danmhairg, an Fhionlainn, Sasana féin fiú, ní mór dúinn ár dteanga féin a úsáid, agus coinníollacha tráchtála, de réir na rialacha, ar ár dtéarmaí féin a leagadh síos.

Ciarán Ó Bréartúin

9 Meitheamh 2013

Ar ais