An Geilleagar agus an Ghaeilge
le Fionnbarra Ó Brolcháin
Is ag méadú seachas ag laghdú atá tábhacht an chultúir i ndomhan ina bhfuil margaí nasctha agus cumarsáid ardluais chun tosaigh. Le domhandú, baineann buntáiste le difríocht, le háiteanna faoi leith, le luachanna i gcoiteann agus mothúcháin féiniúlachta. Tá níos lú tábhacht ag baint le réasúnacht i gcomparáid le féiniúlacht nó daonnacht. Cé gur a mhalairt de thuairim a chloistear go minic, braitheann nuálaíocht i bhfad níos mó ar chúiseanna sóisialta agus cultúrtha – a leithéid muinín, muintearas agus féiniúlacht – ná ar thaighde agus forbairt (R&D) eolaíochta agus teicneolaíochta.
Is iad na hacmhainní is luachmhaire agus inbhuanaithí anois ná iad siúd atá neamhinste, a leithéid samhlaíocht, inspioráid, iomas agus intleachtacht, cuir i gcás. Tréithe mar féintuiscint, féinmhuinín agus féinfhios, tá siúd lonnaithe i gceantair agus i gcultúir áitiúla, iad fréamhaithe agus bunaithe ar an ndúchas. Sin an fáth go bhfuil ról lárnach ag mórtas dúthaí mar gorlann núalaíochta. Na háiteanna go n-éireoidh leo sa todhchaí ná súid atá an-bhródúil le meas acu ar a n-oidhreacht. Ach ní shamhlófá san ón easpa suime a léirítear, i bpolasaithe an stáit, sna naisc idir an todhchaí agus poitéinseal ár n-acmhainní cultúrtha.
Ghlac tíortha mar an Fhionlainn, an Danmhairg agus an Iorua i bhfad ó shin go bhfuil géarghá le hathnuachan cultúrtha chun féinmheas náisiúnta a athshlánú. Tá meas faoi leith acu ar an nasc idir fréamhúlacht, ard-eitic oibre agus pobal nuálaíoch cumasach a chothú. Sa Fhionlainn, mar shampla, tír a moltar go minic d’Éireannaigh aithris a dhéanamh air, is iad tréithe mar mothúcháin láidir náisiúnta, teanga uathúil agus dlúthchumann leis an saol nádúrtha mar aon le comhcheangailtí láidir idirnáisiúnta a sholáthraíonn ciallú do dhaoine, nithe riachtanach sa tsochaí nuálaíoch ann. Is minic a dhíríonn tráchtairí Éireannacha ar an méid mór airgead a chaitear sa Fhionlainn ar thaighde eolaíochta ach ní dhéanann siad aon tagairt ar an gcultúr mar an thré eochrach. Níl aon dabht ann ach gur féidir lenár gcultúr féin a bheith chomh thábhachtach céanna mar thiománaí nuálaíochta.
Sa Danmhairg, is é bunús an chultúir foghlama ná an mórtas dúthaí láidir a thairiscítear do daoine óga, fréamh láidir as a bhfásann siad. Tuigeann mic léinn, dá bharr, go gcaithfidh siad acmhainní nádúrtha an domhain a úsáid, gan cur isteach ar chothromaíocht nádúrtha, mar aon le meon freagrach ar cheisteanna sóisialta. Foghlaimíonn siad conas meon freagrach a bheith acu ar sochaí agus cultúr a dtíre féin mar aon le tíortha eile, ag glacadh le slite difriúla smaointeoireachta mar aon le cothú láidir saoránachta. Tá tionchar fós ag choincheap gluaiseacht scoileanna béaloideasa Grundtvig an naoú aois déag ar chúrsaí oideachais sa Danmhairg. Soláthraíonn an tréith seo mothú domhain misin agus cuspóir, as a spreagtar carachtar agus féiniúlacht an duine. Cé go gcothaíonn seo meon dearfach i leith cultúr agus sochaí na Danmhairge, múineann sé, freisin, tírghrá nach ligtear díspeagadh ar aon tír eile, a theacht as.
Tá clú faoi leith ar an Fhrainc agus an Iodáil de bharr tionscail ceardaithe atá bunaithe ar terroir a gcuid ithir, dlúthcheangailte le tréithe sóisialta agus cultúrtha a réigiúin. Tóg mar shamplaí fíon, seaimpéiní, beoracha, cáis, aráin agus táirgí bia eile go bhfuil gnéithe caolchúiseacha i leith a ionad tionscnaimh. Tá gníomhaíochtaí mar iad casta agus saibhir, fréamhaithe sa chultúr agus sa nádúr, inathraiseach, agus níos tábhachtaí ná aon rud, stiúrtha le meas domhain ar ithir na háite. San Fhrainc, tír go raibh poblachtánachas Saorstát Éireann bunaithe air, is meascán daonnachais agus náisiúnachais an córas polaitíochta agus geilleagair ann. Is é cultúr ceann de bhunchlocha na Fraince, go deimhin gné atá thar a bheith tarraingteach do chuairteoirí. Léiríonn an Iodáil, ach go háirithe, an tábhacht a bhaineann le cultúr, mothúcháin agus ciall i gcúrsaí fiontraíochta agus iomaíochta. Ní féidir le stróinséirí aithris a dhéanamh ar dhearadh Iodálach, oidhreacht ealaíona agus ceardaíochta forbartha thar na glúine, acmhainní atá ríthábhachtach ó thaobh nuálaíochta de. Seo tuiscint ar luachanna, pearsantacht agus féiniúlacht a théann thar aon stíl nó nós faoi leith. Tá ardchumas ag déantúsóirí Iodálacha chun ciall táirgí nua a thuiscint, a réamh-mheas agus tionchar a imirt orthu.
Sin an fáth go bhfuil a lán le foghlaim as inspioráid agus aidhmeanna na hAthbheochana. Chonaic siad siúd a bhí páirteach ann ár n-acmhainní nádúrtha, cultúrtha agus daonna mar ghnéithe ríthábhachtacha in eitic nuálaíochta. Sheas eagraíochtaí na hAthbheochana - Conradh na Gaeilge, Gluaiseacht an Chomharchumannachais, Cumann Lúthchleas Gael agus Amharclann na Mainistreach, fiú iad siúd dírithe ar Eolaíocht an Nádúir nó Stair an Dúlra - mar chomhaontas leathan féinchabhrach a dhein iarracht saol sóisialta, eacnamaíochta agus polaitíochta na tíre a athrú ó bhun go barr. Bhí tréithe mar leanúnachas, idéalachas, cuimhne, spiorad tírghrách agus eolaíocht phraiticiúil mar dhlúthchodanna den ghluaiseacht.
Bhí saintréithe áirithe lárnach i ngach eagraíocht Athbheochana: na príomhchinn ná féintuilleamaí, misneach mórálta nó carachtar. Ghlac Horace Plunkett agus Gluaiseacht an Chomharchumannachais, mar shampla, gur i lámha na nGael féin go raibh a gcuid fhorbairt, ní i lámha stróinséirí. Bhí carachtar freisin ag chroílár theachtaireacht Chonradh na Gaeilge, gluaiseacht radacach oideachasúil agus tionsclaíoch. I gceartlár a chuid fealsúnachta bhí an tuairim nach féidir le pearsantachtaí cruthaitheacht chomhtháite a mhúscailt ach laistigh de phobal comhtháite le taithí uathúil agus leanúnach dá chuid féin. B’é léargas lárnach Dhúghlás de hÍde agus Conradh na Gaeilge ná nach n-éireodh leis na Gaeil a gcuid póiteinseal a bhaint amach go dtí gur fhoghlaim siad conas féin-mhuinín agus féin-mheas a ghnóthú dóibh féin. Bhí athbheochan an Ghaeilge mar dhlúth-chuid den fhís sin. Cé go raibh an Chonradh lárnach i gcothú cruthaitheachta, níor éirigh leis an eagraíocht a léiriú ar dhóigh follasach go leor conas go beacht go mbeadh an Ghaeilge, mar chuid lárnach dár fhéiniúlacht cultúrtha, in ann tionchar a bheith aige ar an bpróiseas forbartha.
Tá an bhéim seo ar charachtar níos tábhachtaí inniu ná riamh. Caithfidh tír beag mar Éireann eitic scothsheirbhís a lonnú i gcroílár a cuid polasaithe táirgiúlachta, nuálaíochta agus iomaíochta. Tá ceachtanna fós le foghlaim as inspioráid agus aidhmeanna na hAthbheochana. Cinnte táimid anois i gcomhthéacs eile polaitíochta, sóisialta agus teicneolaíochta, ach tá sé rí-thábhachtach spiorad agus chruthaitheacht na hama sin a athchruthú. Chiallódh san go gcruthófaí forbairt atá fréamhaithe sa dúchas, inbhuanaitheacht ó thaobh an geilleagair, gnéithe sóisialta agus timpeallachta de, náisiún iomaíoch go hidirnáisiúnta ach sainiúil go smior.
Tá féidearthachtaí dochreidte ag an Ghaeilge mar acmhainn ó thaobh féinfhollasú, íogaireacht do dhifríocht, samhlaíocht, brí agus cothú cáilíochtaí aeistéitiúla de. Osclaíonn an teanga doirse ar eolas, fhilíocht, cheol, amhránaíocht agus scéalta de bhreis is 2,000 bliain; cuireann sí faobhar ar thuiscint maidir lenár nósanna smaointeoireachta, mothúchán agus iompraíochta. Tugann an teanga deis iontach dúinn sochaí nuálaíoch a bhaint amach. Soláthraíonn sé meáin idéalacha chun acmhainní a fréamhú san áit dúchais, foinse do mothúcháin a thugann deis do dhaoine a bhféiniúlacht chasta a aimsiú agus a fhiosrú. Cén fáth mar sin nach mbaintear i bhfad níos mó feidhme as ár saintréithe ó thaobh polasaithe iomaíochta agus nuálaíochta de?
Buntáiste speisialta is ea teanga dúchasach i leith geilleagar nuálaíoch le Geilleagar Cliste a fhorbairt. Ní tríd úsáid an Béarla amháin a éireoidh linn tionscadail nuálaíochta agus iomaíochta domhanda a chothú sna earnáil bogearraí, seirbhísí idirnáisiúnta, na meáin digiteach, is a leithéid. Ach ciallaíonn úsáid forleathan an Bhéarla, nochta ón dtraidisiún, gur dearcadh cúng agus éadomhain atá ann sa tír. Tá muid ag sú tuairimí agus coincheapa athláimhe isteach ó thar lear (go deimhin, is minic iad curtha ar leathtaobh ansin!) gan na hathruithe cuí atá riachtanach chun fíor-chultúr nuálaíoch a chothú.
Soláthraíonn oidhreacht chultúrtha na hÉireann sár-bhonn don chruthaitheacht. Lenár dtraidisiúin dhifriúla, idir Béarla agus Gaeilge, nó éagsúlacht cultúrtha, tá bríonna difriúla scaipthe tríd an tír, buntáiste mór ann féin. Seán Ó Tuama a scríobh nach féidir leis an tír clú nó saol leanúnach cultúrtha faoi leith a bheith aige gan an Ghaeilge á fhorbairt, taobh le taobh leis an mBéarla, i bpobal dá-theangach. Léiríonn an chuid is fearr dár litríocht sa Bhéarla, óna leithéid Yeats, Joyce nó Heaney, an teannas idir an dá aigne, Béarla agus Gaeilge. Má imíonn an teannas sin, ní bheidh mórán de litríocht uathúil chun tairiscint dúinn féin nó don chuid eile den domhan. Dá mbeadh ár dtraidisiún meafair is scéalta curtha ar aghaidh i gceart, ba bhuntáiste ollmhór dúinn iad sa ré nuálaíoch nuair is iad comhrá agus gaolmhaireachtaí bunús na cruthaitheachta.
B’fhéidir nach maith linn seo a admháil ach, ó am Cogaidh na Saoirse, tá an tír seo ag cailliúint a clú idirnáisiúnta mar áit le cultúr uathúil saibhir. B’fhéidir de bharr an glúin nó dhó a tháinig i réim i ndiaidh 1922 go gceaptar go bhfuil siúd le mothúcháin láidir féiniúlachta i gcoinne nuálaíocht agus nua-aoiseachas, rud nach bhfuil fíor. Ní dearcadh cumhach ná saonta é a rá go mbraitheann todhchaí iomaíochta idirnáisiúnta na hÉireann as a bheith difriúil agus uathúil. Laistigh de 80 bliain, tá Éire bogtha ó thaobh amháin go taobh eile: ó náisiúntacht agus mothúcháin i gceartlár na físe náisiúnta go dtí a mhalairt ina bhfuil eolaíocht, réasúntacht agus margaí in uachtar. Ach braitheann todhchaí forbartha na tíre ar úsáid a bhaint as tréithe dearfacha den dá thaobh. Agus geilleagar na hÉireann athraithe ó bhun go barr, tá sé soiléir go soláthraíonn ár n-oidhreacht chultúrtha, saintréithe na hÉireann, an buntáiste iomaíoch is mó atá againn. Is acmhainní uathúla iad traidisiún, teanga, mórtas cine is ceantair agus féiniúlacht, gnéithe dá n-úsáidfí i gceart a thiomáinfeadh ár mbuntáiste iomaíoch. Meallfaidh togra náisiúnta le fís bunaithe ar oidhreacht, teanga agus inbhuanaitheacht daoine ó chultúir difriúla. Tiomáinfidh sin nuálaíocht, foghlaim agus iomaíocht. Tá gá le hathruithe radacacha chun an deis seo a thapú! Níl am níos tráthúla chun tosú ná anois!
18 Nollaig 2012