Nuacht

Tuairisc ar an gComhdháil ar an bPleanáil Teanga a tionóladh in Óstán Chois Fharraige, na Forbacha, Conamara 25 & 26 Bealtaine 2018

Réamhrá

Ni raibh ach dhá chaint fhoirmeálta ag an gComhdháil seo: aitheasc ón Dr Dónall Ó Baoill agus an cur síos a rinne Seosamh Mac Donnacha ar na pleananna teanga. Rinneadh é sin d’aon ghnó mar gur theastaigh uainn i dTeacht Aniar go gcloisfí glór na ngníomhairí ar an talamh seachas teagasc na saineolaithe an uair seo, bíodh is gur rí-thábhachtach é a gcuid saíochta céanna mar is eol dúinn go léir.

Baineadh leas as an gcoincheap “An Caife Domhanda” chun díospóireacht a spreagadh agus d’fheidhmigh Máirtín Ó hÉacháin ó Theacht Aniar mar áisitheoir. Cuireadh ceisteanna “oscailte” chomh maith le saincheisteanna rud a d’fhág go raibh an plé an-leathan agus dírithe ar na tosaíochtaí a bhí ag an lucht freastail ar an lá.Bhí meascán idir mholtaí agus thuairimí ann agus, mar a fheicfear thíos, tá toradh an phlé an-saibhir.

Bhí ábhair ann nár pléadh nó nach ndearnadh ach tagairt nó dhó dóibh, nó go raibh siad luaite i gcomhthéacsanna éagsúla seachas go sonrach, cúrsaí maoinithe cuir i gcas, ach níor chiallaígh sin nach raibh siad tábhachtach. Ní raibh go leor ama ann chun an t-ábhar áirithe sin a chíoradh agus pé scéal é ní sprioc an chaife domhanda é an saghas sin mionanailíse a dhéanamh: beidh deiseanna eile ann lena aghaidh.

D’eascair an Chomhdháil as cruinniú neamhfhoirmeálta a tionóladh ag Oireachtas na Gaeilge i mí na Samhna 2017 i gCill Áirne idir ionadaithe ó chuid de na Coistí Pleanála Teanga chun a míshástacht a bhain leis an bpróiseas a phlé agus iarradh ar Teacht Aniar áisitheoireacht a dhéanamh ar an gcruinniú sin.

Ag éirí as an gcruinniú sin tionóladh cruinniú eile idir cúpla ceann de na coistí pleanála teanga i gConamara agus i nDún na nGall agus ionadaithe ó Theacht Aniar i mí Feabhra 2018 chun an próiseas a chíoradh agus cinneadh comhdháil le haghaidh na gcoisti pleanála ar fad a ghairm i mí Bealtaine le go mbeadh deis ag gach duine plé cuimsitheach a dhéanamh ar an ábhar ag súil go bhfásfadh comhghuaillíocht agus comhoibriú idir na coistí mar thoradh air.Iarraidh ar Theacht Aniar an cruinniú sin a eagrú agus a stiúradh.

Idir mí Feabhra agus mí Bealtaine thug cathaoirleach Theacht Aniar cuairt ar 18 as an 26 limistéir Pleanála Teanga agus labhair sé le ionadaithe ó na coistí eile ar an nguthán chun fáth na comhdhála a mhiniú agus chun daoine a mhealladh le freastal uirthi.D’fhreastail ionadaithe ó dhá cheann déag de na CPT chomh maith le ionadaithe ó Thuismitheoirí na Gaeltachta, Gaeloideachas, Foras na Gaeilge, an grúpa Misneach, Teacht Aniar agus d’fhreastail Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta Aodhán Mac Cormaic ar chuid de na seisiúin chomh maith. D’fhreastail tuairim is daichead duine ar an gComhdháil san iomlán.

Oscailt Oifigiúil

B’é an Dr Dónall P. Ó Baoill ball de Theacht Aniar a d’oscail an Chomhdháil agus a thug léargas fairsing ar ghnéithe tábhachtacha den phleanáil teanga agus d’ardaigh sé dhá cheist ag tús a aithisc:

An raibh Pleanáil Teanga i bfheidhm riamh sa Ghaeltacht agus má bhí cén toradh a bhí ar an iarracht, agus cén bhunchéim is lú a thig linn a bhaint amach anseo agus cá hair a mbunófar nó a dtógfar ár gcás?

Chuir sé an-bhéim ar an dtábhacht a bhaineann le Muintir na Gaeltachta a bheith eagraithe i gceart agus fís oibrithe amach bunaithe ar a dtaithí féin agus ar a gcleachtadh ar an talamh - ar an eolas atá ag teacht as cúrsaí taighde agus fiontraíochta agus atá ag teacht le nádúr na Gaeltachta mar atá sí á cur féin inár láthair trí shíorathrú sóisialta, fisiciúil, teangeolaíochta, teicneolaíochta agus cultúir.Is é sin gur ar Mhuintir na Gaeltachta féin agus ar a láidreacht féin agus ar an tsaineolas atá acu le chéile a chaithfidh siad a bheith ag brath feasta lena gcás a réiteach.

Ba cheart, a mháigh sé, gur buncheist dúinne atá cruinnithe anseo inniu an cheist seo a leanas:– Cé na struchtúir riachtanacha atá le tógáil le bonn folláin a chur faoi Phleanáil Teanga sa Ghaeltacht ?

Luaigh sé teanga na Gaeilge féin: “Tá sí sin ag tanú ar go leor cúiseanna agus an rud is measa ar fad nach bhfuiltear á hinsealbhú ach go ciotach bearnach. Tá easpa mhór cainte agus comhráidh ar an aos óg – ag amharc isteach i bhfón póca ó mhaidin go hoíche. Níl ag a bhfurmhór anois ach sliobarna de theanga agus is doiligh í a chóiriú. Tá caighdeán lag go maith sa scríbhneoireacht i gcoitinne agus caithfear feachtas iomlán ann féin a bhunú le sin a chur ina cheart. Tá faitíos orm go gcaithfear scoltacha nó institiúidí ar leith a bhunú le scríobh agus fuaimniú na Gaeilge a tharraingt le chéile mar an té nach bhfuil tuigbheáil cheart aige ar an ghaol eatarthu go mbeidh thiar ar an té sin. Tá ábhar cúpla seimineár san ábhar seo ann féin ach is ceart moladh a dhéanamh sa straitéis agus sa struchtúr atá le bunú go dtabharfaí aghaidh láithreach ar an laige seo.Caithfear na tacaíochtaí riachtanacha a chur ar fáil sa dóigh go mbeidh rath agus bláth arís ar insealbhú, ar fhoghlaim agus ar scríobh na Gaeilge. Na bímis neamartach ann”.

Agus rinne sé tagairt don tábhacht freisin a bhaineann le cinnirí pobail a aimsiú : “Ceann de na nithe is riachtanaí atá le déanamh againn cinnirí/ceannairí pobail a aimsiú – oiliúint a chur orthu – tacaíocht a thabhairt dóibh – treoir agus comhairle a chur ar fáil dóibh agus rúndiamhra na Pleanála Teanga a phlé agus a chaibidil leo. Beidh an tsamhlaíocht agus an nuálachas riachtanach do na cinnirí seo ina gcuid oibre a mbeidh síorathrú ag teacht air le linn a saol oibre – fada gairid é.Tá seans mór ann go bhfuil na cinnirí seo in bhur measc ach caithfear iad a tharraingt amach as an staid ina bhfuil siad agus iad a sheoladh i dtreonna eile nár rith leo féin go dtí seo. B’fhéidir go bhfuil institiúid nó scoil cinnireachta le cruthú againn áit a bhfaighidh na cinnirí úra seo scóip, réim foghlama agus teagasc a rachas lena dtairbhe san obair a bheas faoina gcúram”.

Cur i láthair Sheosaimh Mhic Dhonnacha

Rinne Seosamh Mac Donnacha cur síos cuimsitheach ar an anailís a rinne sé ar 9 bplean teanga.Ní féidir anseo ach dhá ábhar a lua go sonrach, (ach beidh na sleamhnáin ar fad curtha ar shuíomh Theacht Aniar go luath): Fís, Luachanna, Aidhmeanna agus an Tátail

Fís, Luachanna agus Aidhmeanna atá le sonrú sna Pleananna

A. An tSochaí Gaeltachta

• Go mairfidh ár bpobal i sochaí sláintiúil, bríomhar, le seirbhísí agus áiseanna d’ardchaighdeán ag freastal ar gach aois ghrúpa.

• Mórtas a spreagadh i measc an phobail in ár gceantar Gaeltachta, chomh maith le mórtas agus aitheantas ina gcuid scileanna Gaeilge.

• Meas a léiriú ar chuile dhuine agus ar gach aicme sa bpobal.

• Go mbeidh an deis ag an oiread de mhuintir an phobail agus is maith leo, a bheith in ann cónaí sa cheantar.

B. Áit na Gaeilge sa tSochaí

• Go mbeidh an pobal in ann gach gné dá saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge.

• Go mbeidh an Ghaeilge in uachtar mar ghnáth-theanga cumarsáide.

• Go mbeidh an Ghaeilge lárnach i chuile réimse den saol.

• Deis a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a labhairt i ngach gné dá saol.

• Nach gá a bheith leithscéalach faoi a bheith ag labhairt as Gaeilge.

C. Féiniúlacht Ghaeilge agus Ghaeltachta

• Go mbeidh meon dearfach ag an bpobal i leith na Gaeilge:

o Ag an óige.

o Tuismitheoirí óga.

• Go mbeidh an pobal bródúil as an gcultúr áitiúil agus go mbeidh meas acu ar thraidisiúin Ghaelacha an cheantair.

• Féiniúlacht Ghaeltachta an cheantar a chaomhnú, a chothú agus a fhógairt.

• Borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge sa Limistéar, le tacaíocht agus rannpháirtíocht níos leithne ón bpobal.

D. SeachadadhTeanga

• Go mbeidh an Ghaeilge á seachadadh mar mháthair theanga ó ghlúin go glúin.

• Go dtógfaidh tromlach na dtuismitheoirí a gcuid páistí le Gaeilge.

• Go mbeidh dearcadh dearfach ag tuismitheoirí óga ar an teanga.

• Go mbeidh tuiscint ag tuismitheoirí ar na buntáistí agus ar na dúshláin a bhaineann lena gcuid páistí a thógáil le Gaeilge

E. An Córas Oideachais

• Ceantar ina bhfuil córas oideachais cuimsitheach á chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ón naíolann go naíonra go bunscoil go hiarbhunscoil ar ardchaighdeán.

• Gur córas é ina gcothófar mórtas teanga agus mórtas pobail agus go saibhreofar an teanga ag chuile dhuine dá réir sin.

F. An Timpeallacht

• Go mbeidh meas agus aitheantas tugtha do thimpeallacht, do chultúr agus d’oidhreacht na háite.

• Áilleacht fhisiciúil an cheantair a chosaint

G. Fostaíocht

• Fostaíocht (a oibreoidh chun leas na Gaeilge mar theanga pobail) ar ardchaighdeán agus seirbhísí cuí do chuile aois ghrúpa a chur ar fáil gan stró i nGaeilge sa gceantar.

• Go dtabharfar tacaíocht d’fhostaíocht sa cheantar

Mar thátail:

• Tá léargas ar fáil sna pleananna seo ar mheoin, mhianta agus tuiscintí reatha phobal na Gaeltachta ar cheist na Gaeilge ina bpobal féin.

• Tá na pleananna réalaíoch.

• Tógfaidh sé tiomantas leanúnach ó na Meithil Phleanála Teanga agus ó na hInstitiúidí Poiblí chun go mbeidh feidhm éifeachtach acu.

• Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil na hInstitiúidí Poiblí ag breathnú ar an bpróiseas seo mar phróiseas nach mbaineann leis na príomhchúraimí atá orthu féin (seachas i gcás na Roinne Oideachais agus Scileanna).

An Caife Domhanda

Ceithre mhórábhar déag a tháinig chun cinn sa bplé ag an gcaife domhanda

mar a léiríodh sna duilleoga iad agus is féidir seacht gcinn a aithint mar phríomhriachtanais:

• Bunú Eagraíocht Náisiúnta do na Limistéir Phleanála Teanga

• Fostaíocht na nOifigeach Teanga

• Bunú Foras Taighde agus Oiliúna Gaeltachta

• Óige na Gaeltachta

• An Tumoideachas

• Ról na nEalaíon

• Tacaíocht cheart do na Gaeltachtaí laga

Ina dhiaidh sin luadh;

• Na LPT agus ról na nInstitiúidí Stáit

• Feasacht, poiblíocht agus an dioscúrsa náisiúnta agus an Ghaeilge

• Seirbhisí sa phobal

• An Comhthéacs náisiúnta agus an tionchar ar na Gaeltachtaí

• Forbairt iomlán na gceantar: eacnamaíochta,fostaíochta srl

• Deacrachtaí Struchtúrtha

• Rannpháirtíocht an phobail ar fad

Chomh maith leis sin bhí pointí eile a sheas leo féin cosúil le cinnteacht faoi mhaoiniú, féidearthachtaí ó thaobh maoinithe neamhspleách chomh maith leis an Stát, Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais, go mbeadh ionchur ag an diaspóra Gaeltachta sa bplé, agus na pleananna a aistriú agus a shimpliú do na Béarlóirí (ach maoiniú breise a fháil lena aghaidh).

1. Bunú Eagraíocht Náisiúnta do na Limistéir Pleanála Teanga

Cuireadh an-bhéim ar chomhghuaillíocht a fhorbairt idir na LPT, go mbeadh guth aontaithe eatarthu agus bhí tacaíocht láidir ann go mbunófaí eagraíocht náisiúnta chumhachtach neamhspleách na LPT a d’fhéadfadh, i measc nithe eile:

• Ionadaíocht a dhéanamh ar a son

• Nasc láidir idir na ceanneagraíochtaí a chothú agus tacaíocht a thabhairt do na coistí PT

• Eolas a roinnt go córasach idir na LPT

• Comhordú leis na páirtithe leasmhara ar fad: Ranna Stáit,Rialtas áitiúil srl a chinntiú

• Oiliúint agus tacaíochtaí a fhorbairt do na CPT

• Poiblíocht agus bolscaireacht a dhéanamh

• Feachtas ó na coistí brú a chur ar an Stát: pobal ina ndúiseacht

• Comhordú a chothú agus a chinntiú idir na páirtithe leasmhara ag leibhéal náisiúnta (Éire) agus áitiúla- iad a thabhairt ar bord

• Oiliúint na bhfostaithe

• Taighde a dhéanamh/ a choimisiniú

• Caidreamh agus idirphlé bisiúil a chothú leis an Údarás agus leis an Roinn

• Athbhreithniú neamhspleách ar an dul chun cinn a dhéanamh

Le

• Foireann oilte le pá ceart srl

• Maoiniú sásúil

• Le foinsi airgid sásúla agus cuid de neamhspleách más féidir

• Coiste náisiúnta

• Coistí réigiúnda

• Coistí na Limistéar

• Brandáil láidir

• Oifig pleanála teanga

• Suíomh lárnach leis na tacaíochtaí uile atá ag an Stát

Glacadh d’aon guth le rún go mbunófaí eagraíocht náisiúnta (féach thíos)

2. Na hOifigigh Pleanála Teanga atá le fostú agus Bainistíocht na gcoistí féin

Léiríodh amhras gur féidir fostaithe incháillithe cumasacha a aimsiú gan na coinníollacha cearta fostaíochta bheith ann.Ba léir freisin gurb é seo an cheist is práinní atá le réiteach agus gurb iad na príomhréimsí atá le socrú ná:

• An bhfuil daoine ar fáil chun na pleananna seo a riaradh? Faitíos mór nach bhfuil!

• Oifigigh PT oilte agus cumasach ag obair leis na LPT

• Pá [le] 50K, pinsin agus post lán-aimseartha cuir i gcás

• Bainistíocht an-tábhachtach: Is gá go mbeadh struchtúr bainistíochta ag gach LPT

• Maoiniú agus oiliúint

Earcú agus oiliúint na nOifigeach Pleanála:

• Caithfear dul amach á lorg .Ní leor fógraí ar Tuairisc. ie

• Coinníollacha oibre, tuarastal, agus struchtúr gairme tarraingteach a bheith ann

• Taithí oibre cheana féin

• “Féintiomántas “riachtanach

• Díriú ar chéimithe an Aistriucháin, Dlí le Gaeilge etc

• Cumas riaracháin tábhachtach

• Oiliúint ar bhonn leanúnach ag leibhéal gairmiúil faoin dea-chleachtas PT.

• Oiliúint ar leith don “tumoideachas” tar éis a 3.pm (Óige)

• An rud is tábhachtaí faoin bhaintisteoir ná go mbeadh sé/sí amuigh sa phobal

• Go bhpléifeadh an t-Údarás le riaradh an Phá

• Go mbeadh “ Rel Incremental Exp” aitheanta i gcás múinteoirí (Costais Coibhneasta Increimintiúla).

• Oiliúint: Óige agus “Tearmainn Teanga”- oiliúint ar nós múinteoirí bunscoile

• Oiliúint i bplé le foghlaimeoirí fásta

• Ú na G le híoc as an gcúrsa MA sa bPT.

Ceistíodh cá seasann oiliúint a chur ar na O.P. teanga faoi láthair?

3. Foras Taighde agus Oiliúna na Gaeltachta

Bhi moladh láidir ann go mbunófaí Foras Taighde agus Oiliúna na Gaeltachta, cosúil leis an ERSI i mBaile Átha Cliath a mbeadh guth neamhspleách aige (bróicéir macánta) agus na feidhmeanna seo a leanas aige:

• Áisínteacht taighde, eolais agus polasaí teanga

• Obair leanúnach fáisnéise (ERSI na Gaeilge agus na Gaeltachta)

• Monatóireacht ar an dul chun cinn

• Tacaíochtaí a leagan síos

• Plean le hoiliúint a chur ar an earnáil

• Maoinithe ag Roinn an Taoisigh le neamhspleáchas a chinntiú

• Bunéileamh ó na LPT: le haghaidh a thabhairt ar an bhfaillí ceannaireachta agus fáisnéise

4. Óige na Gaeltachta

Léiríodh amhras faoi na daoine óga atá líofa sa Ghaeilge ach ag labhairt Béarla lena chéile, go lagaíonn sé cumas agus taithí shóisialta agus gur gá dul i ngleic le sin.Chuige sin bhí roinnt moltaí agus tuairimí ann:

• Oifigigh óige a fhostú sna LPTanna, struchtúr láidir a bheith ann

• Polasaí cosanta teanga agus conas polasaí teanga a chur i bhfeidhm i gclubanna óige

• Bearnaí/riachtanais sa phobal óige a aithint

• Córas cinnearachta:traenáil chuí a bheith ar chinnirí in eagraíochtaí éagsúla msh spóirt

• Struchtúr tuismitheoirí na Gaeltachta-do dhéagóirí?

• Nasc idir clubanna óige na Gaeltachta

• Nasc idir iarbhunscoileanna agus struchtúr óige ó thaobh polasaí teanga de

• An pobal dúisithe trodach go háirithe daoine óga lán misnigh agus muiníne

5. An Tumoideachas

• Córas comhtháite

1. Naíonraí/naíolanna: go mbeadh polasaí láidir Gaeilge acu, tuarastal ceart ag fostaithe

2. Oiliúint do mhúinteoirí nó d’fhoirne na naíonraí

3. Comhordú leis an bPolasaí Oideachais Gaeltachta

4. SLG a thabhairt ar ais agus an tsuim a mhéadú/ liúntas ollscoile ina omós

5. Nasc a shoiléiriú idir na scoileanna agus na CPT

6. Seirbhisí scoile: fiaclóirí, dochtúirí, banaltraí-go mbeadh Gaeilge acu: beag is fiú a dhéanamh den pholasaí

7. Cúntóirí teanga: scoileanna agus naíonraí

• Na Tuismitheoirí

1. Faitíos na dtuismitheoirí a mhaolú-eolas

2. Feasacht eolais don phobal/tuismitheoirí (e.g tús maith)-buntáistí an Ghaeloideachais

3. “Tús maith”-scéim tacaíochta do thuismitheoirí le páistí óga

• An Roinn Oideachais

1. Nasc níos mó a dhéanamh le hoifigigh na Roinne Oideachais

2. Oideachas: na coistí éagsúla, eolas a roinnt leis an Roinn- práinn, fuinneamh, deis a thapú

3. Nasc níos mó idir na coistí LPT agus an Roinn Oideachais

• Iarbhunscolaíocht

1. Cúnamh a thabhairt do na meánscoileanna

2. Iarbhunscolaíocht trí Ghaeilge ar fad: ni ceart go nglacfaí le drochchaighdeán Gaeilge san iarbhunscoil.Tacaíocht ag teastáil ó na múinteoirí

• Eile

1. Córas pointí breise naíonraí-ardteist

6. Ról na nEalaíon

Fís: Go mbainfí leas as na healaíona le tacú leis an bpleanáil teanga, ar bhealach cruthaíoch agus le cainteoirí cumasacha a chruthú agus

• Leas a bhaint as raon iomlán na n-ealaíon ar mhodh samhlaíoch

• Go n-aithneofaí na hEalaíona a fheidhmíonn i nGaeilge ar chomhchéim leis na healaíona ar bhonn náisiúnta

• Óige na Gaeltachta a chumasú sna hEalaíona áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta: i.e. na hEalaíona a cheangal go láidir leis an Óige

Trí

• Conair gairme/slí beatha a chothú d’ealaiontóirí Gaeltachta

• Díriú ar an healaíona is mó a chothaíonn scileanna teanga

• Leas a bhaint as na dearc-ealaíona le feasacht a chothú

• Na meáin shóisialta- fiseáin ghairide bunaithe ar oidhreacht an phobail

• Nasc idir na healaíontóiri a bhogann isteach agus an pobal féin

• Go mbeadh na hEalaíona dúchais ar an gClár Náisiúnta

• Ról na gceanneagraíochtaí i gcothú na nEalaíon a fhorbairt

• Na hEalaíona nua-aimseartha ach oiread leis na hEalaíona dúchais a fhorbairt

• Brú a chur ar na maoinitheoirí náisiúnta a meon a athrú i leith ealaíona i nGaeilge

7. Na Gaeltachtaí laga

De bharr go bhfuil an-éagsúlacht idir na Limistéir Phleanála Teanga go háirithe idir na Gaeltachta laga agus na cinn níos láidre agus dá bhrí sin go bhfuil riachtanais dhifriúla i gceist tá éagsúlacht cur chuige de dhíth chun cothrom na féinne a thabhairt dó na LPT laga. Mothaítear go bhfuil easpa tacaíochta agus maoinithe ó Údarás na Gaeltachta ( agus an Roinn Oideachais) i leith na gceantar seo,msh Gaeltacht an Eachréidh (LPT). Is aonad nádúrtha an ceantar sin ach tá na seirbhisí tábhachta lonnaithe lamuigh den Ghaeltacht

Cuir i gcás-

• Solúbthacht ag teastáil ón Roinn aitheantas a thabhairt don scoilcheantar nádúrtha atá ag freastal ar na Gaeltachtaí sa chás go bhfuil an mheánscoil taobh amuigh den teorainn

• Cead a thabhaairt do pháistí bunscoile dhul chuig an mheánscoil Ghaeilge cé nach í is giorra dóibh

Agus

• Chomh maith leis sin ta gá le iniúchadh a dhéanamh sna Gaeltachtaí laga le daoine mór le rá (ceannairí an phobail?) a bhfuil suim acu sa Ghaeilge a aithint le téagar a thabhairt don Phleanáil Teanga

• Deis úsáide a chothú m.sh. Féilte, áit chinnte a shocrú

• Comhtháthú agus comhoibriú de dhíth

8. Na LPT agus na Institiúidí Stáit

Ardaíodh roinnt maith ceisteanna maidir le caighdeán an chaidrimh idir na LPT agus institiúidi an Stáit- gur gá go mbeadh muinín ag an bpobal sa struchtúr tacaíochta Stáit agus maoinithe ach nach bhfuil sé sin ann faoi láthair.Mar sin tá gaol nua leis an Údarás de dhíth le go mbeadh comhoibriú ceart idir eagraíochtaí agus pobail agus Stát.

Ardaíodh an cheist céard iad go díreach na freagrachtaí agus an ról atá ag an Stát? (sa chomhthéacs gur cosúil go bhfuil cúram le haghaidh thodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht curtha anois ar na CPT).

Luadh freisin go bhfuil an baol ann go mbeidh an iomarca maorlathais ann

9. Feasacht, Poiblíocht agus Dioscúrsa

Tuigeadh an tábhacht a bhaineann le feachtas feasachta, go mbeadh an Ghaeilge níos feiceálaí agus le cloisteáil, go mbainfí tuilleadh leasa as na meáin le cás na Gaeltachta a chur chun cinn: Plé ar TG4 agus R na G,na meáin shóisialta le misneach a thabhairt do dhaoine a gcuid Gaeilge a léiriú agus a úsáid. Ba chóir scéimeanna samhlaíocha a chumadh le daoine a spreagadh chun Gaeilge a úsáid sna pobail, i.e. pointí breise dá gclann sa gcóras oideachais, go gcabhródh sé le háit a fháil i gcoláiste srl. Ba chóir aird a thabhairt ar an bpointe deireanach seo, a dúradh, go mbeadh neart plé air seo sna meáin ag súil go mbeadh sé ag tarraingt neart cainte agus raice: bealaí le dul i bhfeidhm ar an dream óg.

10. Seirbhisí sa phobal

Cuireadh béim sách láidir ar na seirbhisí tacaíochta teanga ar nós na naíonraí, go bhfuil gá le scéim Gaeilge do na naíonraí (ní léir ó na duilleoga an naíonraí Gaeilge nó naionraí Béarla a bhí i gceist) agus go mbeadh polasaí láidir Gaeilge acu.Tá oiliúint d’ard-chaighdeán agus i nGaeilge de dhíth ar mhúinteoirí,cúntóiri ranga agus foirne na naíonraí.

Luadh freisin nach dtugtar tuarastal ceart d’fhostaithe agus go mbíonn easpa tacaíochta sa phobal do dhaoine/thuismitheoirí atá ag lorg seirbhisí trí Ghaeilge

11. An Comhthéacs Náisiúnta

An comhthéacs náisiúnta a chur san áireamh: staid náisiúnta teangeolaíochta, daonra, fostaíocht,seirbhisí, leathanbanda,na meáin agus an tionchar atá aige sin ar an gceantar áitiúil

12. Forbairt Iomlán na gceantar

Cuireadh in iúl an dlúthbhaint atá ann idir dul chun cinn eacnamaíochta agus oideachais agus an Ghaeilge, is é sin nach féidir a bheith ag plé na Gaeilge scartha amach ó na cúinsí sóisialta, fostaíochta, eacnamaíochta agus éiceolaíochta na gceantar Gaeltachta. Ba chóir go mbeadh an tÚdarás ag plé go comhtháiteach le forbairt eacnamaíochta agus le forbairt na Gaeilge

13. Deacrachtaí struchtúrtha

Luadh mar shamplaí

• Go bhfuil easpa solúbthachta ón Roinn Oideachais aitheantas a thabhairt don scoilcheantar nádúrtha atá ag freastal ar na Gaeltachtaí sa chás go mbíonn an mheánscoil taobh amuigh den teorainn

• Gur chóir cead a thabhairt do pháistí bunscoile dul chuig an mheánscoil Ghaeilge cé nach í is giorra dóibh

• Na fadhbanna a bhaineann le ceantair go bhfuil cuid den cheantar feidhme lasmuigh den Ghaeltacht

14. Slógadh an phobail

Luadh deacracht an pobal ina iomlán a shlógadh le tacaíocht a thabhairt don Phlean Teanga agus ni léir cá bhfuil na gnáthchainteoirí sna pleananna (i.e. iad siúd atá lasmuigh de chóras oifigiúil an Stáit).Sa chomhthéacs seo luadh an gá atá le hathrú meoin.

15. Pointí eile

Bhí ceist an mhaoinithe bainteach le gach ábhar a pléadh: méid an mhaoinithe agus an éiginnteacht a bhaineann le maoiniú do na scéimeanna teanga.

Is fiú roinnt pointí eile leithliseacha suimiúla a lua:

• Go mbeadh ionchur ag an diaspóra Gaeltachta sa bplé

• Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais agus agus buntáistí bainteach leis

• Eolas don phobal: na pleananna a aistriú agus a shimpliú do na Béarlóirí, ní thuigeann siad an ról atá acu féin, agus maoiniú a chur ar fáil dó seo

Agus mar fhocal scoir go mbeadh níos mó de na pleananna ceadaithe agus ag feidhmiú!

An Plé Oscailte

Faoi stiúir Chathaoirleach an tseisiúin Tomás Mac Con Iomaire, iarraidh ar Mháire Ní Neachtain, Aoife Ní Shéaghdha, Dónall Ó Cnáimhsí agus Dónall Ó Baoill a gcuid tuairimí ar a chuala siad i rith na Comhdhála a chur in iúl: rud a rinne siad go fonnmhar agus go dearfach. Ansin cuireadh rún os chomhar an tslua go mbunófaí eagraíocht náisiúnta do na Limistéir Phleanála Teanga molta ag Pádraig Ó hÉanacháin, cuidithe ag Aoife Ní Shéaghdha. Glacadh leis d’aon ghuth.

Cuireadh in iúl go mbeadh Teacht Aniar sásta leanúint ar aghaidh ag tacú leis na Coistí Pleanála Teanga chomh fada is atá sin ag teastáil.

Coiste ad-hoc

Cuireadh coiste ad-hoc le chéile chun an réamhobair le haghaidh na hEagraíochta Nua a dhéanamh: Pádraig Ó hÉanacháin agus Uinseann Mac Thómais (Connacht), Aoife Ni Shéaghdha agus Micheál Ó Leighin ( Mumhan), Colm O Baoill agus Dónall Ó Cnáimhsí (Dún na nGall), Kerron Ó Luain (Laighin) agus Breandán Mac Cormaic (Teacht Aniar)

Scoir an Chomhdháil ansin

Breandán Mac Cormaic

15 Meitheamh 2018

An Phleanáil Teanga: Comhthéacs, Féidearthachtaí agus Feidhmiú

Dé hAoine agus Dé Sathairn 25 agus 26 Bealtaine 2018 in Óstán Cois Fharraige, Na Forbacha, Conamara

Tá muid ag tús próisis atá an-tábhachtach maidir le todchaí na Gaeltachta ina bhfuil cúram á leagan ar mhuintir na Gaeltachta pleananna teanga a fhorbairt agus a chur chun cinn iad féin.

Eascraíonn ceisteanna tromchúiseacha as an suíomh nua seo: an bhfuil na coistí pleanála teanga cumasaithe chun an obair seo a dhéanamh, an bhfuil an treoir agus an tacaíocht chuí á tabhairt dóibh ag na húdaráis, an bhfuil nó nach bhfuil polasaithe eile Stáit ag teacht salach ar an obair a bheas ar siúl ag na coistí seo? Nil ansin ach cúpla ceann de na ceisteanna gur gá iad a phlé agus a scrúdú.

Mar sin, is deis iontach í an chomhdháil seo dóibh siúd atá ag plé leis an bpleanáil teanga agus dóibh siúd atá ag tacú leo teacht le chéile agus an phleanáil teanga a chíoradh i dteannta a chéile.

Tá clár sealadach agus sonraí uile na comhdhála le fáil anseo.

Lón Intinne—An Gorta Mór agus Teacht Aniar Cultúrtha

Beidh Teacht Aniar rannpháirteach in dhá imeacht nuálacha a bheidh ar siúl i gContae Mhaigh Eo ar an Aoine 18 Bealtaine 2018. Beidh ‘Gorta, Bia, Fuinneamh & Cultúr’ faoi chaibidil sa chéad imeacht acu seo agus cuirfear deireadh leis an lá le comhrá, ceol agus an chaint bheo.

An bhliain seo chaite d'eagraigh Teacht Aniar seimineár Idirnáisiúnta 'An Ghéarchéim Éiceolaíoch agus Múscailt Comhfheasa / “La crise écologique: prise de conscience”, agus idir an dá linn tá Aeróg Éiceolaíoch bunaithe (grúpa machnaimh agus gluaiseachta é seo atá dírithe ar cheisteanna práinneacha timpeallachta agus inbhuanaitheachta ár linne).

Tá sé ar intinn againn sna himeachtaí snáithe malairte a chur ar fáil trí Ghaeilge a dhéanfaidh iniúchadh ar chomhthreomhaireachtaí éiceolaíochta i gcúrsaí cultúír arna éascú ag Teacht Aniar—beidh fáilte ar leith roimh chainteoirí na teanga.

Tá rannpháirtíocht sna himeachtaí ar fad saor in aisce ach caithfidh na rannpháirtithe íoc as a lónadóireacht féin. Tá na sonraí ar fad ar fáil anseo.

Tionscadal Taighde “Teacht in Inmhe”

Is tionscadal é seo- "Teacht in Inmhe"- de chuid Teacht Aniar agus Tuismitheoirí na Gaeltachta agus baineann sé le clár idirbhliana do Scoileanna Gaeltachta a fhorbairt.

Tá an-áthas orainn a fhogairt gurb é Ollscoil Chathair Átha Cliath,Campas Phádraig a bheas i mbun an taighde chun an tionscadal a fhorbairt.

Tuilleadh eolais faoin dtionscadal thíos:

Tairiscint Taighde