Tionól Cruthaitheach 2014
‘Cá bhfuil ár dtriall mar Phobal Gaeilge?’
agus
‘An Ghaeilge mar Cheist Pholaitíochta’
Caife Domhanda
Bealaí nua chun an Ghaeilge a chur chun cinn – na Féidearthachtaí
- Coinnímis linn an dream úd (an 95%) nach labhraíonn Gaeilge ach atá báúil dí;
- Ní mór freagracht a ghlacadh;
- Ní mór an Ghaeilge a normálú trí ghréasáin a cruthú agus a chothú;
- Tá gá le hinstitiúidí /struchtúir a fheidhmíonn trí mheán na teanga;
- Tá an Béarla riachtanach sa saol comhaimsire – ach ní leor é;
- Tá ról le himirt ag na nua-Éireannaigh;
- Tá ról le himirt ag na meáin nua – cá bhfuil an G á úsáid?
- Normalú seachas imeallú;
- Cúntóirí teanga ón nGaeltacht sna meán-scoileanna;
Caife Domhanda
An Ghaeilge mar Cheist Pholaitíochta
- Nasc a dhéanamh idir an Ghaeilge agus mórcheisteanna ár linne;
- Ag plé cúrsaí na tíre seachas na Gaeilge;
- Conas an Ghaeilge a ceangal le mórcheisteanna na tíre?
- Samhail éiceolaíochta – is acmhainn é an t-ilteangachas;
- An Tuaisceart – rudaí ag bogadh;
- Ról an Stáit?
- 90% báúil ach cé chomh báúil is atá siad?
- Rudaí le foghlaim ón spiorad ag tús na hathbheochana;
- An Éireannaigh nó Eorpaigh muid?
- Lá Fhéile Phádraig – cé chomh oiriúnach is atá an samhail anois??
- Peirspictíocht éiceolaíochta: An Ghaeilge ag dul chun leas an phobail + conas
- Ní mór dul i bhfeidhm ar an gcóras polaitíochta gan beith ceangailte le páirtí ar bith;
- Tá tábhacht ag an gcóras polaitíochta chun rudaí a chur i bhfeidhm agus ról tábhachtach ag an Aire Oideachais;
- Bhí bua inné ag an gCoimisinéir Teanga (cá bheidh sé lonnaithe?);
- Cén todhchaí atá uainn?
- Feachtas ón bpobal – ag dul i bhfeidhm ar na polaiteoirí;
- Tá gá le hagóidíocht stuama agus feidhmiú tuisceanach;
- Ní gá bheith ró bhuartha faoi cumhacht an nua-liobrálachas.
Téamaí ag teacht chun Tosaigh
- Cad is féidir liomsa a dhéanamh? [Féach thíos]
- 2016 mar phointe slógaidh – ní mór bheith réidh;
- Úsáid na teanga a leathnú amach; labhairt laethúil; an léitheoireacht;
- Grúpaí cosúil le Teacht Aniar ag cruthú dioscúrsa nua trí mheán na Gaeilge;
- An Ghaeilge agus agus cumhacht sa pholaitíocht; [Féach thíos]
- Gá le tuiscint níos fearr ar ‘cá bhfuil an chumhacht?’
- An Ghaeilge i gcomhthéacs an iolrachais;
- Lonnaíochtaí nua Gaeilge a chruthú;
- An 5% a labhraíonn an teanga a dhúbláil go 10%;
- Cúrsaí spóirt mar mheán chun an Ghaeilge a chur chun cinn;
- Feidhm a bhaint as an Diaspora; [Féach thíos]
- Slua-chistiú;
- Conas dul i gcion ar shaol labhartha an Bhéarla; [Féach thíos]
- Conas córas ‘ATM’ trí Ghaeilge a fháil ó Bhanc Aontas Éireann – cosúil leis an tseirbhís ó Bhanc na hÉireann;
- An Ghaeilge sa teaghlach; [Féach thíos]
- An timpeallacht agus an Ghaeilge;
- Gá le taighde ar ‘cé hiad pobail na Gaeilge’; [Féach thíos]
Téamaí á gCíoradh
Freagracht: Cad is féidir Liomsa a dhéanamh?
- Feasacht teanga a fhorbairt trí mheán na ngael-scoileanna, an hidirbhliaina agus an CSPE:
- Forbairt agus úsáid na ngréasán;
- Cumasú na saighdiúirí coise;
- Tógáil pobail;
- Ról do Theacht Aniar.
Dioscúrsa Nua a Chruthú
- Éalú ó dhioscúrsa na meán Bhéarla;
- Deis seachas bac is ea an Ghaeilge;
- Dúshlán a thabhairt do fhealsúnacht ‘TINA’ agus an ‘duine eacnamaíoch’;
- An ghaois sa traidisiún Gaelach a lorg;
- Ábhair a chur ar fáil do na meáin Bhéarla;
- Tuairimí níos leithne agus caighdeán níos airde a chothú i saol na Gaeilge;
Dul i gcion ar shaol an Bhéarla
- An Ghaeilge mar áis chun fáil réidh leis an meon iar-chóilíneach;
- Úsáid a bhaint as na meáin Bhéarla chun an teachtaireacht a chur chun tosaigh;
- Úsáid a bhaint as na meáin nua chun aird a tharraingt ar na míreanna i nGaeilge;
- Úsáid a bhaint as litreacha – gan bheith ag frithbhualadh;
- Bí mealltach – is acmhainn í an Ghaeilge.
An G agus an Chumhacht
- An chumhacht lonnaithe sa pholaitíocht, i measc lucht gnó agus sa státchóras agus lucht na meán;
- Ní mór idé-eolaíocht nua a cruthú ar dtús trí (i) thaighde/staidéar; (ii) feidhmiú/praxis; (iii) daoine ag teacht le chéile ag comhrá is ag staidéar;
- Gá le ‘patriarchy’ a scrios agus na mná a shaoradh ó iliomad brúnna?
An Ghaeilge agus an Teaghlach
- Ní mór taithí a roinnt le tuistí nua;
- Leabhair ar nós ‘Thógamar le Gaeilge iad’ a chur ar fáil go forleathan;
- Eolas a bhailiú agus a scaipeadh;
- Taighde a dhéanamh.
An Ghaeilge agus Éireannaigh thar Lear
- Úsáid a bhaint as na gréasáin Éireannacha thar lear – brainsí den Chonradh, Ranna na Ceiltise sna hollscoileanna, brainsí den CLG agus de Chomhaltas;
- Úsáid a bhaint as daltaí Erasmus mar thaidhleoirí;
- Cóirítear pacáiste eolais sna hollscoileanna do dhaltaí Erasmus;
- ‘Cá bhfuil na Gaeil?’ – cóirítear bunachar sonraí agus gréasán.
Fonn chun Oibre – Na Chéad Chéimeanna Eile
Feasacht Teanga
- Edel/Ciarán: taighde i dtaobh FT a fhorbairt san idirbhliain (i gcomhairle le Gael Linn - feachtas Gaelbhrat sna bun-/hiar-bhunscoileanna);
An Ghaeilge agus an Chumhacht
- Breandán/Cuan: Daoine le saineolas i réimsí áirithe (m.s. an téamh domhanda) a thabhairt le chéile le haghaidh ábhair a chur le chéile do phlé-cháipéis;
Mionteangacha
- Tadhg: Taighde le déanamh faoi mhionteangacha sna Filipíní.
Éireannaigh thar lear
- Eoin: Bunachar faoi na grúpaí thar lear a chur le chéile.
5 Aibreán 2014 | Ionad an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath