An Sraith Cainteanna: Plé
Teacht Aniar na Gaeltachta
Plé ar Shraith Cainteanna an Earraigh
Tá áthas ar Teacht Aniar a fhógairt go dtionólfar seisiún amháin Zoom sa bhreis sa sraith cainteanna atá díreach thart, ar an Déardaoin an 15ú Aibreán idir 7.00in agus 8.30in. Déanfaidh painéal cainteoirí plé ar ábhair na gcainteanna sin.
Tá tuilleadh eolais faoi na cainteanna sin sa dara mhír sa cholún ar chlé.
Is iad a bheidh páirteach sa phainéal ná:
- Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta
- Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí, Tuismitheoirí na Gaeltachta
- Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga LPT Gaoth Dobhair, agus
- Donncha Ó hÉallaithe, Gníomhaí Pobail, Conamara.
Beidh deis ag an lucht féachana páirt a ghlacadh trí leas a bhaint as an “Chat” agus sna grúpaí oibre a eagrófar.
Beidh Gormfhlaith Ní Thuairisg ó Raidió na Gaeltachta mar éascaitheoir ag an seisiún.
Is féidir clárú don ócáid anseo.
Tá fáilte foimh chách!
------
Nota: Tá taifead den ócáid le fáil anseo.
------
Íomhá le Gerd Altmann ar Pixabay15 Aibreán 2021 | Zoom