Lón Intinne
Food for thought—dhá ócáid Gaeilge agus Béarla
Contae Mhaigh Eo, Dé hAoine 18 Bealtaine 2018
i gcomhar le Siúlóid an Ghorta ag AFRI
1. Caint agus Comhrá faoi Theacht Aniar Cultúrtha
Gorta, Bia, Fuinneamh & Cultúr
ITnaGMH/GMIT, Caisleán an Bharraigh: 10.30–17.00
agus
2. Ag Ceiliúradh Teacht Aniar Cultúrtha
Tráthnóna Ceiliúrtha le comhrá, ceol agus an chaint bheo
Thuas staighre Tí Blousers (Walshes), Cathair na Mart 20:00–23.00
Eolas agus ClárTá sé ar intinn ag an dá ócáid nuálacha seo iniúchadh a dhéanamh ar dhúshláin an lae inniu in Éirinn agus ar fud an domhain, i gcomhráití agus trí úsáid an chultúir agus an Gorta Mór (An Drochshaol) mar chúlra acu. Nochtfaidh gach ceann de na comhpháirtithe a ndearcadh uathúil féin ar ghnéithe ar leith de na dúshláin atá romhainn inniu ina measc dlúthpháirtíocht leis an ngluaiseacht/bhfeachtas domhanda ar son cearta sóisialta, cosaint na haeráide, Cuspóirí Forbartha Inbhuanaithe na N.A. agus biafhlaiteas.
An bhliain seo chaite d'eagraigh Teacht Aniar seimineár Idirnáisiúnta 'An Ghéarchéim Éiceolaíoch agus Múscailt Comhfheasa / “La crise écologique: prise de conscience”, agus idir an dá linn tá Aeróg Éiceolaíoch bunaithe (grúpa machnaimh agus gluaiseachta é seo atá dírithe ar cheisteanna práinneacha timpeallachta agus inbhuanaitheachta ár linne).
Tá sé ar intinn againn sna himeachtaí snáithe malairte a chur ar fáil trí Ghaeilge a dhéanfaidh iniúchadh ar chomhthreomhaireachtaí éiceolaíochta i gcúrsaí cultúír arna éascú ag Teacht Aniar—beidh fáilte ar leith roimh chainteoirí na teanga.
Ina éagmais sin, tá fiche bliain caite ó bhunaigh Richard Douthwaite agus grúpa beag smaointeoirí a bhí ar aon intinn leis Feasta—Fondúireacht Eacnamaíochta na Buanaitheachta.
Tabhair faoi deara:
Tá rannpháirtíocht sna himeachtaí ar fad saor in aisce ach caithfidh na rannpháirtithe íoc as a lónadóireacht féin.
Tá sé riachtanach clárú do 'Caint agus Comhrá faoi Theacht Aniar Cultúrtha' in ITnaGMH/GMIT
Clárú:
Beidh an himeachtaí ar siúl lá roimh Shiúlóid Bhliantúil an Ghorta ag Afri.
18 Bealtaine 2018 | Contae Mhaigh Eo