Cumasú Pobail agus an Ghaeltacht
Seisiún 2
16 Iúil: 7.00i.n. go 8.30i.n.
Is é an sprioc a bhaineann leis an seimineár seo faoi scáth Teacht Aniar ná muintir na Gaeltachta a thabhairt le chéile chun plé a dhéanamh faoi fhorbairt chomhtháite pobail agus chun straitéisí a aimsiú lena thabhairt chun cinn. Cuimsíonn forbairt chomhtháite pobail forbairt eacnamaíochta, shóisialta, teanga, éiceolaíochta agus chultúrtha, is é sin forbairt iomlán an phobail.
Tá sé bunaithe ar an dtuiscint gur trí chumasú pobail amháin, i bfoirm daonlathais láidir áitiúil (an daonlathais rannpháirteach) gur féidir é a thabhairt chun cinn agus gur gá do na Gaeltachtaí teacht le chéile ón mbun aníos le go mbeadh an neart ann chun torithí tairbheacha a bhaint amach.
Is léir, agus géarchéim na Gaeltachta ann, go bhfuil an seansamhail briste: sin samhail faoi smacht ag maorlathas an Stáit. I gcomhthéacs na cainte reatha faoi Aire sinsireach don Ghaeltacht a bheith ceaptha/gan a bheith ceaptha tá sé tráthúil go bpléifear an gaol idir cumhacht agus an Ghaeltacht. Tabharfaidh an seimineár seo deis do dhaoine ath-mhachnamh a dhéanamh ar an gceist seo chomh maith le staid reatha na Gaeltachta.
Téamaí:
1. Daonlathas i gcomhthéacs na Gaeltachta
2. Comhoibriú idirGhaeltachta
3. Forbairt chomhtháite pobail
4. Tionchar polaitíochta
5. An chéad chéim eile
Webinar 2: Déardaoin 16 Iúil: 7.00i.n. – 8.30i.n.
Nóta: Tá taifead de na cainteanna go léir ar fáil. Ní gá ach cliceáil ar na nascanna thíos.
Cainteoirí:
- Máire Uí Chomhaill Ionad Naomh Pádraig, Gaoth Dobhair
- Máire Ní Neachtain Coláiste Mhuire gan Smál
- Ivan Mc Philips ITGM
- Niall Ó Catháin Carn Tóchair, Co. Dhoire
16 Iúil 2020 | Cruinniú Zoom ar-líne