Athnuachan 2017

Ceardlanna Cruthaitheachta!

  • An mbeadh spéis agat páirt a ghlacadh i bhfiontar radacach ina spreagfar meon cruthaitheach, forbairt phearsanta agus spiorad athnuachana dhuit féin, don phobal agus don tír?
  • Ar mhaith leat togra nuálaíoch inbhuanaithe a chothú atá ag tarraingt ar acmhainní cultúrtha, nádúrtha agus ealaíne na tíre?
  • An bhfuil tú os cionn 21 bliain d’aois agus Gaeilge mhaith agat?

Más ea is tusa atá uainn!

Bileog Eolais Athnuachan 2017

Seo seans dhuit na coincheapa thuas a fhorbairt in éindí le saineolaithe ar nós: An tOllamh Peadar Kirby, Dr. Fionnbarra Ó Brolcháin, agus saoithe eile.

Seo cuid de na hábhair a bheidh á bplé:

  • Forbairt an Duine
  • Forléargas ar Fhorbairt na hÉireann 1916-2016
  • Breatimeacht: Na hImpleachtaí
  • Athrú Aeráide agus Inbhuanaitheacht
  • An Chomhtheacs idé-eolaíochta

Ionad: An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste

Dáta: Dé Sathairn an 18 Feabhra agus Dé Sathairn an 1 Aibreán 2017

Bí linn ar thuras ceannródaíoch foghlama!

Eagrófar taisteal ó Bhaile Átha Cliath

Foirm Iarratais

Tá foirm iarratais do na ceardlanna ar fáil anseo mar cháipéis PDF.

Foirm Iarratais: Ceardlanna Cruthaitheacha

nó cuir glaoch ar 087 244 45 93

Na Mionsonraí...

Forbairt Phearsanta, Forbairt Phobail!

Ceardlanna Cruthaitheacha

Dar lena lán saineolaithe, ní luíonn córais gheilleagracha, pholaitíochta nó oideachais na hÉireann le riachtanais sochaí dhomhandaithe inbhuanaitheach an lae inniu. Nach iad an dífhostaíocht, míchothromaíocht, bochtanas, coiriúlacht, dramhaíl, truailliú is a leithéid, na torthaí dá bharr?

Mar sin, an iad féintuiscint, féinmheas agus féiniúlacht, fréamhaithe sa dúchas, na bunchlocha foghlama is luachmhaire dá bhfuil againn? Agus nach as na hacmhainní sin a chothaítear mórtas dúiche agus inbhuanaitheacht, cothromaíocht, cruthaitheacht agus nuálaíocht?

Is é atá in Athnuachan 2016 ná sraith ceardlanna ina bhfuil cur chuige radacach chun pobal foghlama uathúil a mhúscailt atá in ann tarraingt as ár n-acmhainní daonna, cultúrtha, nádúrtha agus ealaíne. Trí thacaíocht ó éascaitheoirí, aoichainteoirí agus na rannpháirtithe féin, spreagfar meon cruthaitheach, idéalachas agus spiorad athnuachana.

Tá na ceardlanna dírithe ar dhaoine de gach aoisghrúpa agus go háirithe orthu siúd a dteastódh uathu, i ndiaidh dóibh meabhrú a dhéanamh ag leibhéal na teoirice, praxis a chur i bhfeidhm, bíodh sé sin trí fhiontar nuálaíoch inbhuanaithe a fhorbairt ina n-aonar nó i gcomhpháirt lena gcomhghleacaithe ar mhaithe leis an bpobal i gcoitinne.

Mar eolas: Beidh seimineár i mBaile Atha Cliath ar an 25ú Feabhra ar “Ó Ghéarchéim Eiceolaíochta go hAthrú Comhfheasa” a luífidh isteach go maith leis na ceardlanna.

An Clár

Ceardlann 1 - Dé Sathairn, 18ú Feabhra

9.30-10.00: Cainteoir - Breandán Mac Cormaic

  • Seisiún 1: Aidhmeanna na gCeardlann, Cur Chuige agus Cur in Aithne

10.00-11.30: Cainteoir - Fionnbarra Ó Brolcháin

  • Seisiún 2: Forbairt an Duine - Cur Síos ar na Tionscadail

11.30-12.00: Caife

12.00-1.30: Éascaitheoirí - Antóin Mac Unfraidh, Kerron Ó Luain, Fearghal Mac Bhloscaidh

  • Seisiún 3: Forléargas - Forbairt na hÉireann, 1916-2016

1.30-2.30: Lón

2.30-3.30: Éascaitheoir - Séin Ó Muineacháin

  • Seisiún 4: Breatimeacht - Na hImpleachtaí

3.30-3.40: Sos

3.40-4.40: Éascaitheoir - Conchúr Ó Giollagáin

  • Seisiún 5: Na Gaeil agus a gCinniúint - Fréamhacha pobail nó rogha aonair?

Nóta:

Dé Sathairn, 4 Feabhra 2017 [10.00-1.00]

Beidh Fionnbarra Ó Brolcháin ar fáil i mBéal Feirste le plé a dhéanamh le duine ar bith gur mhaith leo labhairt leis faoi na tionscadail a bheidh idir lámha acu le linn na gCeardlanna. Ní gá freastal ar an ócáid seo ach bheadh sé úsáideach b’fhéidir ó thaobh aiseolais de.

Ceardlann 2 - Dé Sathairn, 1 Aibreán 2017

9.30-11.00: Eascaitheoirí - Máirtín Hawkes, Peadar Kirby

  • Seisiún 1: Athrú Aeráide agus Inbhuanaitheacht

11.00-11.30: Caife

11.30-1.00: Eascaitheoirí - Ben Ó Ceallaigh, Breandán Mac Cormaic

  • Seisiún 2: An comhthéacs idé-eolaíochta

1.00-2.00: Lón

2.00-2.30: Cainteoir - Fionnbarra Ó Brolcháin

  • Seisiún 3: Plé Ginearálta ar chuid de na tionscadail

2.30-4.00: Cainteoir - Fionnbarra Ó Brolcháin

  • Seisiún 4: Cur i láthair na dtionscadal agus plé

4.00-5.30: Cathaoirleach - Breandán Mac Cormaic

  • Seisiún 5: Plé - i dtreo físe nua d’Éirinn

5.30: Críoch

I measc na gCainteoirí/Éascaitheoirí beidh:

  • An Dr. Peadar Kirby, Ollamh Emeritus le Polasaí Poiblí, Ollscoil Luimní
  • An Dr Fionnbarra Ó Brolcháin, Bunaitheoir ‘Fiontar’, Ollscoil Chathair Bh.Á.C agus anois UCD
  • An Dr. Conchúr Ó Giollagáin, Ollamh Taighde, Sabhal Mór Ostaig, An t-Oileán Sgitheanach, Albain
  • An Dr Kerron Ó Luain, Misneach
  • An Dr. Fearghal Mac Bhloscaidh
  • Martin Hawkes, Comhalta, Teacht Aniar
  • Breandán Mac Cormaic, Bainisteoir Stiúrtha B. Mac Cormaic Teo & Cathaoirleach, Teacht Aniar
  • Antóin Mac Unfraidh, iar-Ambasadóir na hÉireann
  • Ben Ó Ceallaigh, Misneach
  • An Dr Séin Ó Muineacháin, Rannóg na Polaitíochta, Coláiste na Tríonóide, BÁC

18 Feabhra 2017 | An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste