Glac Páirt
An bhfuil spéis agat a bheith gafa i dtograí éifeachtúla fónta a bhaineann leis an nGaeilge agus le todhchaí na hÉireann? An bhfuil smaointe agus tuairimí agat féin? Tapaigh an deis mar sin, agus déan teagmháil linn ag na sonraí seo a leanas:
Ríomhphost: eolas@teachtaniar.eu
Twitter: @TeachtAniar
Facebook: Teacht Aniar
Cláraigh mar bhall
Bí i do bhall de Teacht Aniar agus cabhraigh linn na spriocanna seo a leanas a bhaint amach:
- Sochaí na hÉireann ina hiomláine a athréimniú trí fhorbairt chomhtháite shóisialta, eacnamaíochta, éiceolaíoch, chultúrtha, agus teanga;
- Úinéireacht agus athshealbhú na Gaeilge a aistriú chuig pobal iomlán na Gaeilge;
- Muinín an phobail sa Ghaeilge agus sa chultúr a iompraíonn sí a fhorbairt, agus tríd sin an Ghaeilge a chur i gcroílár shaol an duine (san fhostaíocht, oideachas, óige srl.);
- An Ghaeilge a fhorbairt i gcomhthéacs ilteangachas na hEorpa agus na ceangail idir Éirinn agus an Mhór-Roinn a neartú.
Íocann baill táille mhíosúil €10.00 trí ordú seasta. Más mian leat a bheith i do bhall líon isteach an fhoirm thíos agus rachaimid i dteagmháil leat.