An Fhís: Ár dTír agus ár dTeanga a Athréimniú
Is iad na spriocanna a chuirimid romhainn mar ghluaiseacht:
- Sochaí na hÉireann a athréimniú trí fhorbairt chomhtháite shóisialta, eacnamaíochta, éiceolaíoch, chultúrtha, agus teanga;
- Úinéireacht agus athshealbhú na Gaeilge a aistriú chuig pobal iomlán na Gaeilge;
- Muinín an phobail sa Ghaeilge agus an cultúr a iompraíonn sí a fhorbairt, agus tríd sin an Ghaeilge a chur i gcroílár shaol an duine (san fhostaíocht, oideachas, óige srl.);
- An Ghaeilge a fhorbairt i gcomhthéacs ilteangachas na hEorpa agus na ceangail idir Éire agus an Mhór-Roinn a neartú.
Is éard atá uainn, saol gach duine in Éirinn a fheabhsú. Mar gur pobal beag é pobal na hÉireann atá éagsúil ó thaobh staire agus cultúir de, creidimid gur trí Ghaeilge amháin is féidir sin a dhéanamh ar aon bhealach substaintiúil agus réalaíoch.
Is iad na luachanna a chuirimid romhainn mar ghluaiseacht:
- Dlúthpháirtíocht agus Rannpháirtíocht an phobail san obair a chothú;
- Cruthaitheacht agus Nuálaíocht;
- Dearfacht;
- Smaoineamh agus gníomhú áitiúil agus domhanda;
- Inbhuanaitheacht agus teacht aniar a chothú san eagraíocht seo agus ar bhonn náisiúnta;
Is iad na luachanna céanna atá againn is atá ag formhór phobail na domhain: beatha an duine a chaomhnú agus a fheabhsú, an tsíocháin, an cairdeas agus an dea-mhéin a chothú idir daoine. Creidimid gur i gcultúr pobail atá luachanna mar sin lonnaithe agus go bhfuil an cultúr dlúthcheangailte le teanga. Tríd an Ghaeilge tá smacht ag muintir na hÉireann ar na luachanna is rogha leo a chur chun cinn agus a chothú mar atá, cuir i gcás, ag formhór stáit bheaga eile na hEorpa. Bíodh is go bhfuil go leor luachanna i bpáirt againn le pobail eile an domhain, teastaíonn uainn ár liosta tosaíochta féin a chur le chéile. Is í an teanga an uirlis is cumhachtaí atá againn chun an cultúr, an tsochaí, agus an saol atá uainn a bhaint amach. Ach is obair leanúnach fionnachtana agus cruthaitheachta é sin; sin é an fáth a dteastaíonn uainn go mbeadh an pobal ar fad dlúthpháirteach san obair.
Spriocanna dushlánacha uilemhianacha freisin is ea iad agus beidh obair mhór romhainn chun iad a iomlánú chomh maith leis na bealaí is éifeachtaí a aimsiú chun iad a chur i bhfeidhm.