Ráiteas príobháideachais
Is mór ag Teacht Aniar do cheart chun príobháideachais. Déantar príobháideachas úsáideoirí an tsuímh seo a chosaint de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 agus de réir threoirlínte Choimisinéir Cosanta Sonraí na hÉireann. Níl Teacht Aniar freagrach as cleachtais phríobháideachais na suíomh gréasáin seachtrach a bhféadfaí rochtain a fháil orthu tríd an úsáid a bhaineann tú as suíomh teachtaniar.eu. Moltar duit breathnú ar na beartais ó thaobh príobháideachais agus fianán de atá ag suíomh seachtrach ar bith a dtugann tú cuairt air.
Na cineálacha sonraí a bhailítear
Is féidir an suíomh teachtaniar.eu a úsáid gan sonraí inaitheanta pearsanta a sholáthar. Bailítear sonraí úsáide áirithe go huathoibríoch le cabhair fianán agus an suíomh á bhrabhsáil ag duine. Is éard atá i bhfianáin ná comhaid téacs a ndéantar iad a stóráil ar do ríomhaire chun cabhrú leis an suíomh gréasáin anailís a dhéanamh ar conas a bhaineann cuairteoirí úsáid as an suíomh. Is iad seo a leanas na príomhchineálacha sonraí a bhailítear ó úsáideoirí an tsuímh:
- Seoladh IP chliant gréasáin an úsáideora
- An cineál brabhsálaí gréasáin a d’úsáid an cuairteoir
- Sonraí conaire cliceála a léiríonn iompar cuairteoirí ar an suíomh gréasáin (.i. na leathanaigh a osclaíodh agus na comhaid a íoslódáladh)
- Gníomhaíochtaí a rinneadh chun leathanaigh a roinnt le daoine eile (.i. cuntas ar leathanaigh a scaipeadh tríd an ríomhphost nó ar na meáin shóisialta)
- An méid ama a chaith an t-úsáideoir ar leathanaigh áirithe
- Gníomhaíochtaí scrollála an úsáideora ar leathanaigh áirithe (.i. an céatadán den leathanach a mbreathnaíonn úsáideoirí air)
An leas a bhaintear as na sonraí a bhailítear
Baintear leas as na sonraí a bhailítear ar an suíomh seo chun críocha staitistiúla agus ní ceadmhach iad a úsáid chun cuairteoirí ar leith ar an suíomh a aithint mura n-éilítear é de réir dlí. Baintear feidhm as an bhfaisnéis a bhailítear chun taighde agus anailís a dhéanamh ar phróifíl ghinearálta na gcuairteoirí a thagann chuig an suíomh agus ar phatrúin úsáide na gcuairteoirí sin d'fhonn eispéireas úsáideoirí uile an tsuímh a fheabhsú. D'fhéadfaí go bhfoilseofaí torthaí ginearálta an taighde seo ó am go chéile faoi réir na gcoinníollacha príobháideachais a phléitear sa ráiteas seo. Cabhraíonn na staitisticí seo linn tuiscint níos fearr a fháil ar na réimsí seo a leanas:
- Líon na gcuairteoirí chuig an suíomh agus líon na gcuairteanna a thugtar ar an suíomh
- Suíomh geografach na n-úsáideoirí — ní dhéantar taifead ach ar an bpríomhionad daonra is cóngaraí do gach úsáideoir
- Teicneolaíocht na n-úsáideoirí — cuntas ar líon na gcuairteanna a thagann ó ríomhairí deisce nó ó ghléasanna móibíleacha
- Foinsí na gcuairteanna a thugtar ar an suíomh (cuairteanna díreacha, trácht ó innill chuardaigh, trácht ó na meáin shóisialta, srl.)
- Patrúin úsáide agus idirghníomhaíochta (na leathanaigh is mó a osclaítear agus a léitear, na doiciméid is mó a ndéantar íoslódáil orthu, na téarmaí is mó a chuardaítear, srl.)
Rialaitheoir sonraí
Teacht Aniar,
43 Páirc Theampall Ruáin,
Baile Átha Cliath 1
Stóráil agus modh próiseála na sonraí a bhailítear
Déanann an Rialaitheoir Sonraí sonraí a bhaineann le húsáideoirí an tsuímh seo a phróiseáil ar mhodh cuí agus glactar na bearta is dual chun rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí seo, a nochtadh nó a leasú a chosc.
Sa bhreis ar an Rialaitheoir Sonraí, b’fhéidir, i gcásanna áirithe, go mbeadh teacht ag pearsana a bheadh i mbun gnéithe de riar an tsuímh (riarachán nó cothabháil theicniúil an tsuímh, cuir i gcás) nó ag páirtithe seachtracha (ar nós soláthraithe seirbhísí teicniúla nó soláthraithe óstála) ar na sonraí seo agus iad údaraithe ag an Rialaitheoir Sonraí.
Úsáid Google Analytics
Bailítear sonraí pearsanta (lena n-áirítear do sheoladh IP) ag baint leasa as an tseirbhís Google Analytics, seirbhís anailísíochta gréasáin arna soláthar ag Google, Inc. ("Google"). Déantar an fhaisnéis a bhailítear a tharchur chuig Google agus a stóráil le Google ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe. Bainfidh Google úsáid as an eolas seo chun meastóireacht a dhéanamh ar an tslí a n-úsáideann tú an suíomh gréasáin, chun tuarascálacha a thiomsú faoi ghníomhaíocht ar an suíomh gréasáin le haghaidh Teacht Aniar, agus chun seirbhísí eile a sholáthar i ndáil leis an ngníomhaíocht ar an suíomh gréasáin agus ar úsáid idirlín. Féadfaidh Google freisin an t-eolas seo a aistriú chuig tríú páirtithe i gcás go bhfuil sé de cheangal orthu é sin a dhéanamh de réir dlí, nó i gcás go ndéanann an tríú páirtí sin eolas a phróiseáil ar son Google. Ní dhéanfaidh Google iarracht gaol a aithint idir do sheoladh IP agus aon sonraí eile atá i seilbh Google. Is féidir leat diúltú d’úsáid fianán trí na socruithe iomchuí a roghnú ar do bhrabhsálaí, ach tabhair faoi deara i gcás go ndéanfaidh tú seo go bhfuil seans ann nach mbeidh tú in ann úsáid iomlán a bhaint as feidhmiúlacht an tsuímh gréasáin seo. Trí úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo agus cead a thabhairt le go bhfanfadh na fianáin cumasaithe, toilíonn tú go ndéanfadh Google sonraí fút a phróiseáil sa chaoi agus chun na gcríoch atá sonraithe thuas.
Cearta na nÚsáideoirí
Tá sé de cheart ag úsáideoirí, ag am ar bith, a fhios a bheith acu más amhlaidh go ndearnadh stóráil ar shonraí pearsanta dá gcuid agus is féidir leo dul i gcomhairle leis an Rialaitheoir Sonraí chun eolas a bheith acu i dtaobh ábhar agus fhoinse na sonraí seo. Ba chóir iarratais a sheoladh chuig an Rialaitheoir Sonraí ag na sonraí teagmhála cuí thuas.
Dáta nuashonraithe an ráitis seo: 1 Meán Fómhair 2017