Réamhrá

Athruithe in Éirinn

Tá ath-mhúnlú ar an sochaí in Éirinn ag tarlú le blianta beaga anuas. Tá sé seo nádúrtha go leor — ní bhíonn sochaí gan athrú ó ghlún go glún. Bíonn tionchar ag institiúidí an Stáit, ar nós an Oireachtais, agus ag forais phoiblí, ar nós na meáin chumarsáide, ar an bpróiseas seo. Bíonn tionchar freisin ag “imeachtaí” ar nós lag trá nó rabharta eacnamaíochta, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

De ghnáth, bíonn na hathruithe beag agus is diaidh ar ndiaidh a ghlactar leo nó lena n-éifeacht. Uaireanta, is in earnáil ar leith a thagann siad i bhfeidhm, mar shampla, fás ar chúrsaí eitilte (Ryanair) nó déantús cógais leighis. Uaireanta eile, tarlaíonn réabhlóid, sé sin briseadh iomlán lena a bhfuil ann. Go minic, nuair nach bhfuil an lámh láidir i gceist, is i meon na ndaoine a bhaineann cumhacht amach is túisce a tharlaíonn an réabhlóid. Ní gá go mbeadh cumhacht foirmiúil ag lucht na réabhlóide leis an réabhlóid a chur i bhfeidhm. Is leor go mbeadh seilbh acu ar ionstraimí na cumhachta, m.sh., lucht polaitíochta, rachmasaithe, ceardchumannaithe agus, go háirithe, iadsan a bhíonn tionchar acu sna meáin chumarsáide agus fáil acu ar ardán chun a dtuairimí a chraobhscaoileadh.

Faoi thionchar an ghéarchéim eacnamaíochta tá athstruchtúrú á dhéanamh ar an sochaí in Éirinn. Bíonn bonn eacnamaíoch luaite leis na hathruithe atá á gcur i bhfeidhm nó dá moladh ach tá feidhm agus raon i bhfad níos leithne acu. Tá an deis á thapú ag daoine cur i gcoinne an tuiscint choitinn ar an gcultúr náisiúnta agus ar nádúir agus feidhm an Stáit.

Mar shampla, tá ráite ag an té atá freagrach chun na Dála as an gcóras oideachais náisiúnta, an tAire Quinn, go mba mhaith leis féin go gcaithfí níos lú ama sna scoileanna ar mhúineadh na Gaeilge. De réir dealraimh, chun oideachas níos fearr a chur ar Éireannaigh ní mór ábhar atá de dhlúth is d’inneach shainiúlacht mhuintir na hÉireann a laghdú. Is bocht an teist dearcadh an Aire ar a thuiscint ar shaoithiúlacht na Gaeilge. Is léir go gceapann sé gur ar phraiticiúlacht is cóir luach oideachais a mheas; ní spéis leis an ní nach féidir a thomhas. Mar sin is mian leis níos lú ama a chaitheamh le múineadh creidimh chomh maith. Is cuma an spéis le daoine Gaeilge agus creideamh nó nach spéis leo, is údar imní gan aon phlé, gan trácht ar fhreasúra, poiblí a bheith á dhéanamh ar thuairimí chomh tromchúiseach le tuairimí an Aire.

Níl córas ar bith chomh maith sin nach féidir feabhas a chur air. Mar sin cuirtear fáilte roimh an dioscúrsa náisiúnta ach ar an tuiscint go bhfuil sé oscailte agus cothrom.

Tá cogadh ar siúl in Éirinn. Cogadh na gCoincheap atá ann. Ní mór gníomhú chun an Ghaeilge agus coincheap an dúchais, idir chultúrtha agus pholaitiúil a coimrítear inti, a bheith i lár an dioscúrsa náisiúnta. Ní mór é sin a dhéanamh, ní ar bhonn maoithneachais ná éagóra na staire ach ar an ábhar gur acmhainn cumhachtach sainiúil agus foinse nirt atá i dtuiscint cheart ar ár ndúchas.

Is chuige sin (i measc gnéithe eile de fhorbairt dhúchas Gaelach na hÉireann) atá Teacht Aniar.

Tá fáilte roimh do thuairimí agus roimh do thacaíocht agus do chabhair.