Ballraíocht

Bunaíodh Teacht Aniar sa bhliain 2012. Tá an grúpa atá bainteach le Teacht Aniar ag fás i gcónaí, agus tá eolas faoi roinnt de na baill ar an leathanach seo.

Beatháisnéis na mBall

Dónall P. Ó Baoill

Is fear Gaeltachta as Dún na nGall é Dónall P. Ó Baoill. Bhain sé céim B.A. onóracha amach sa Ghaeilge agus sa Mhatamaitic agus Ardteastas san Oideachas in Ollscoil na Gaillimhe. Bronnadh na céimeanna M.A. agus Ph.D sa teangeolaíocht air in Ollscoil Mhichigan sna Stáit Aontaithe. Bhí sé mar thaighdeoir in Institiúid Teangeolaíochta Éireann ó 1974 -1999. Ceapadh mar Ollamh le Gaeilge agus mar Cheann ar Roinn an Léinn Cheiltigh in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste é ó 1999-2011. Tá mórán leabhar agus alt scríofa aige ar ghnéithe den teangeolaíocht, de theanga na Gaeilge, den bhéaloideas, de Bhéarla na hÉireann, den stair shóisialta, de mhúineadh na teanga, den dátheangachas agus ar Theanga Comharthaíochta na mBodhar in Éirinn. Tá ailt scríofa aige ar fhorbairt agus ar phleanáil teanga, ar shochtheangeolaíocht na Gaeilge agus tá eagarthóireacht déanta aige ar na foilseacháin Teanga, The Journal of Celtic Linguistics, Scáthlán agus ar Language and Politics (1-25).

Fionn Ó Muircheartaigh

Tar éis staidéar dó i mBÁC (innealtóireacht agus matamaitic i dtús báire) agus i bPáras na Fraince, chaith Fionn Ó Muircheartaigh 12 bliana ag obair sa Ghearmáin, i München na Baváire, leis an nGníomhaireacht Eorpach Spáis. Bhí sé ag léachtóireacht mar Ollamh páirt-aimseartha ar feadh cúig bhliain déag i Strasbourg.Bhí sé mar ollamh le ríomheolaíocht in Ollscoil Uladh, i nDoire, in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste, agus in Ollscoil Londain, Royal Holloway. Chaith sé 5 bliana mar stiúrthóir i bhFondúireacht Eolaíochta Éireann le cúram i leith teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, agus i leith taighde a bhaineann le teicneolaíochtaí fuinnimh. Tá sé mar Chathaoirleach “An Roth”, fo-chumann le Gaeilge de Chumann na nInnealtóirí.Tá sé ina bhall de Acadamh Ríoga na hÉireann.

Tá sé mar Ollamh le h-eolaíocht ar shonraí in Ollscoil Huddersfield i Sasana.

Conchúr Ó Giollagáin

Is léachtóir é i Scoil na hEolaíochta Polaitiúla agus na Socheolaíochta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, é Conchúr Ó Giollagáin. Is comhúdar é ar an tionscnamh taighde sochtheangeolaíochta a choimisiúnaigh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta: Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007). Tá saothair éagsúla taighde a bhaineann le léann na hantraipeolaíochta, na sochtheangeolaíochta agus na pleanála teanga curtha i gcló aige. Chuir sé Stairsheanchas Mhicil Chonraí: Ón Máimín go Ráth Chairn (1999) in eagar agus foilsíodh leagan Fraincise den saothar anuraidh: Une Vie Irlandaise: Du Connemara à Ráth Chairn: Histoire de la Vie de Micil Chonraí, Jean le Dû a d’aistrigh. Pléitear sa chnuasach aistí An Chonair Chaoch: An Mionteangachas sa Dátheangachas (2012), a chuir sé in eagar i gcomhar le Ciarán Lenoach agus Brian Ó Curnáin, an taithí thrioblóideach atá ag cainteoirí mionteanga ar an dátheangachas sóisialta.

An Dr Peadar Kirby

Ollamh Emeritus le Polaitíocht Idirnáisiúnta agus Riarachán Poiblí, in Ollscoil Luimnigh is ea Peadar Kirby. Tá go leor leabhar scríofa aige ar fhorbairt na hÉireann, ina measc Towards a Second Republic (le Mary Murphy, Pluto, 2011) agus Celtic Tiger in Collapse (Palgrave, 2010). An leabhar is déanaí uaidh ná Civil Society and the State in Left-Led Latin America (comheagarthóir le Barry Cannon, Zed, 2012). Bhí sé ina ollamh UNESCO Deisceart-Tuaisceart in Ollscoil Valencia sa Spáinn i bhFómhar 2012.

Máirtín Hawkes

Iar-státseirbhíseach, iar-bhaincéir (fadó, fadó!), fiontraí agus fear gnó is ea Máirtín Hawkes. Tá sé gnóthach i gcúrsaí oideachais agus múineann sé ar cúrsaí cruthaitheachta ag Coláiste Ealaíona na Boirne. Tá baint aige in eagrú agallamh idirnáisiúnta sa Bhoireann faoi théamh domhanda - dúshlán práinneach dar leis. Is ball é de Theacht Aniar (agus Gael-Linn) agus tá baint aige le cuideachtaí carthanachta.

Liam Mac Cóil

Scríbhneoir, criticeoir, agus aistritheoir é Liam Mac Cóil. An leabhar is déanaí leis An Litir, úrscéal staire suite i gcathair na Gaillimhe sa bhliain 1612. Roimhe sin d’fhoilsigh sé cur síos pearsanta ar cheol Charles Villiers Stanford, agus ar an gcúlra agus ar an aeistéitic a bhaineann leis, faoin teideal An Chláirseach agus an Choróin. Tá sé ina chónaí i nGaeltacht Ráth Chairn.

Breandán Mac Cormaic

Iar Bhainisteoir Stiúrtha é ar chomhlacht iomportála agus mórdhíola fíona. Tá na blianta caite aige ag obair go deonach i réimse na Gaelscolaíochta. Is Iar-Uachtarán Ghaelscoileanna, iar-Uachtarán Bhord Fhoras Patrúnachta na Scoileanna lán-Ghaeilge é agus bhí sé ceapaithe ag an Aire Oideachais ina Chathaoirleach ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ó bunaíodh í sa bhliain 2002 go dtí 2010. Tá sé ina chathaoirleach ar Theacht Aniar.

Séadna Mac Seoin

Breis is tríocha bliain caite sa státseirbhís, seal ag obair i bPostcheantar Bhaile Átha Cliath, sular aistrigh sé go cúrsaí teileachumarsáide. Uaidh sin go dtí An Roinn Oideachais leis sular ceapadh sa Roinn Leasa Shóisialaigh é mar ar chaith sé cuid mhaith dá shaol oibre. I ndiaidh na hArdteiste bhain cáilíocht in Eolaíocht Riaracháin amach san Fhoras Riaracháin. Tar éis cúpla bliain eile bhain cáilíocht i mBainistíocht Pearsanra amach. Sa bhliain 2003 bhain sé céim sa Ghaeilge amach. Bronnadh Máistreacht i scríobh agus cumarsáid na Gaeilge air sa bhliain 2009. Gníomhach i Scoil Neasáin ar feadh na mblianta, ar fhoireann na gCaomhnóirí le fada.

D’eagraigh ranganna Gaeilge do dhaoine fásta i mBleá Cliath agus Eachroim Uí Bhroin níos faide anonn. Rinne sainchúrsaí ar scileanna raidió/teilifíse, fraincise, aistriúcháin agus foclóireachta.

Ag saothrú na Gaeilge i gcónaí.

Antóin Mac Unfraidh

Iar-Ambasadóir na hÉireann. Idir 1964-1969 bhí sé ina Stát Seirbhíseach, Roinn Tionscail agus Tráchtála agus ansin go dtí 2010 bhí sé ina Oifigeach Taidhleoireachta, An Roinn Gnóthaí Eachtracha.

2001-2003 Ceann Mhisin, Misean Monatóireachta an Aontais Eorpaigh san Iar-Iúgslaiv.

Darach Ó Scolaí

Scríbhneoir agus foilsitheoir é Darach Ó Scolaí. Tá sé ina stiúrthóir ar an gcomhlacht Leabhar Breac, agus ar an gcomhdháil ealaíne Ealaín ar Oileán. Ghnóthaigh a úrscéal An Cléireach Gradam Uí Shúilleabháin ‘Leabhar na Bliana 2008’ agus Duais an Oireachtais 2007. Ghnóthaigh a dhráma Coinneáil Orainn an BBC Stewart Parker Award. Tá cónaí air i gCois Fharraige.

Ciarán Ó Bréartúin

Is innealtóir leictreonach é Ciarán Ó Bréartúin, arbh as Baile Átha Cliath dó ó dhúchas. Chaith sé tréimhse fada ag obair leis thar lear, sna Stáit Aontaithe agus an Iodáil go príomha, le comhlacht idirnáisiúnta teicneolaíochta. Sa bhliain 2001 d’fhill sé ar Éirinn, agus bhunaigh a chuideachta innealtóireachta féin.

Fionnbarra Ó Brolcháin

Múineann sé i Scoil Gnó Smurfit, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCD). Is iar-ollamh airgeadais é in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), áit ar bhunaigh sé an lár-ionad Gaeilge, Fiontar. Bhí sé ina chathaoirleach ar zamano, gnólacht nua-thionscanta bunaithe ag iar-scoláirí Fiontar atá anois liostaithe ar Stocmhalartáin Bhaile Átha Cliath agus Londain. Bhí sé mar ollamh sa Roinn Eacnamaíochta, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad (NUI Maynooth) agus ollamh ar cuairt in Ollscoil Michigan, Ollscoil Fordham agus Scoil Eacnamaíochta Helsinki (Ollscoil Aalto anois). Is co-udár (le James J. Kennelly) an leabhair, Capitalising on Culture, Competing on Difference, co-eagarthóir (le Joe Mulholland) an leabhair Ireland’s Economic Crisis - Time to Act, bunaithe ar léachtanna Scoil Shamhraidh Mhic a’ Ghoill 2009 agus údar an mhonagraif Meon Gaelach, Aigne Nuálaíoch [Coiscéim, 2011]. Beidh leabhar nua á fhoilsiú aige i Mí Meitheamh 2013. Is Cathaoirleach é de Bhord Rialachais Gaelchultúr. Tá céim san innealtóireacht leictreach aige ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC) agus PhD aige ó Ollscoil Nua Eabhrach (NYU).

Cathal Ó Donnghaile

Tá taithí fhada fhairsing ag Cathal i gcúrsaí Gaelscolaíochta agus Gaelphobail. Chaith sé blianta fada mar mhúinteoir ag teagasc ag an bhunleibhéal, an mheánleibhéal agus an tríú leibhéal; ar feadh roinnt blianta is ag forbairt an Ghaeloideachais ó thuaidh agus ó dheas is mó a bhí sé, rud a d’fhág go bhfuil aithne an-mhaith aige ar go leor leor gníomhaithe pobail Gaeilge, go háirithe i gCúige Uladh.

Le blianta beaga anuas, cé go bhfuil sé go fóill páirteach sa teagasc, is ag plé le cúrsaí aistriúcháin is mó a bhíonn sé. Bhí se ar an fhoireann aistritheoirí agus eagraitheoirí a thiomsaigh an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge, tá aistriúcháin déanta aige ar théacsleabhair scoile agus ar cháipéisí oifigíúla stait don dá dhlínse oideachais agus pholaitiúla, chomh maith le haistriúcháin go Gaeilge ar dhoiciméid a scríobhadh i bhFraincis do Chomhdhálacha éagsúla an Fhóraim Díospóireachta.

Tá suim mhór aige i bhfiontair úra Ghaeilge agus i gcothú an neamhspleáchais i measc daoine agus is mar sin a chaith sé a shaol gairmiúil agus pearsanta.Glacann sé páirt ina lán imeachtaí de chuid CLCG. Cloch an-mhór ar a phaidrín is ea an tabhacht atá le cothú na Críostaíochta agus na spioradáltachta ina shaol féin agus i saol a chlainne agus a chairde.