Téarmaí Tagartha
Réamhrá
Is tionscadal de chuid Teacht Aniar (TA) é an Aeróg Eiceolaíoch (AE). Tá sé mar bhonn tuisceanna ag TA:
- Bheith mar ghrúpa machnaimh agus gluaiseachta í saol na Gaeilge, agus atá neamhspéach ón Stát;
- Ceist na teanga a nascadh le mórcheisteanna polaitíochta ár linne agus trí sin a bheith i lár an dioscúrsa náisiúnta
- Go bhfuil na brúanna céanna ar an éagsúlacht teanga agus cultúrtha is atá ar an bithéagsúlacht agus ar an athrú aeráide;
- Nach neart go cur le chéile.
Níl ceist níos práinní sa domhan mór ná sa tír seo um a dtaca seo ná inbhuanaitheacht na timpeallachta ar a bfhuil todchaí an chine daonna ag braith. Tá an cheist seo ag éirí níos práinní le himeacht aimsire. Ní mór do mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta mar sin a bheith páirteach san gluaiseacht éiceolaíoch shocaíoch seo atá ag dul i neart ó lá go lá go náisiunta agus go hidirnáisiúnta:
Creidimid freisin do bhféadadh an tradisiún Gaelach cabhrú linn san obair seo agus gur fiú go mór staidear a dhéanamh ar an dtradisiún ársa sin mar a bhaineann se leis an ndúchas, an dúlra agus an gaol idir an duine agus iad.
Tá sé i gceist ag TA grúpa oibre, an ‘Aeróg Eiceolaíoch’ a eagrú chun tabhairt faoí na ceisteanna seo
Spriocanna an Ghrúpa Oibre
- Tuiscint sainiúil mhuintir na hÉireann, pobal na Gaeilge san áireamh, ar an ábhar seo a chothú;
- Machnamh agus plé teoiriciúil ar cheist na timpeallachta a spreagadh agus an ceangal idir an cheist seo agus cúrsaí eacnamaíochta, forbartha,polaitíochta, cultúrtha agus sóisialta a shoiléiriú;
- Eolas a chur ar fáil i nGaeilge faoín athrú aeráide agus faoin géarchéim sna córais ar a bhfuilimid ag braith – bitéagsúlacht, creimeadh talún, truailliú uisce agus aigéin srl. – chun comhfhios an phobail ar an gceist a mhúscailt;
- Na scéalta is déanaí, náisiúnta is idirnáisiúnta, a chur os comhair an phobail;
- Eolas faoi na samhail inbhuanaitheachta a eascraíonn ón tír seo a chraobhscaoileadh;
- Daoine a spreagadh le tionscadail éiceolaiocha a bhunú;
- Daoine óga a mhealladh le bheith páirteach sa ghluaiseacht éiceolaíoch agus teanga;
- An Ghaeilge a cheangail leis an ábhar is práinní sa domhain, agus trí sin cuidiú le stádas na teanga a ardú i measc an phobail i gcoitinne;
- Comhghuallaíocht a chothú trí Ghaeilge, agus trí Bhéarla agus teangacha eile nuair is gá, le heagrais éiceolaíocha eile san tír seo agus thar lear.
Modh Oibre
- Grúpa de shaineagrais chomshaoil agus daoine le saineolas chomhshaoil atá in ann feidhmniú trí Ghaeilge a chur le chéile faoi scáth TA;
- Grúpa oibre a chur le chéile; cuirfidh an grúpa seo plean oibre le chéile agus cuirfidh sé i bhfeidhm é.
- Réimsí oibre agus tosaíochtaí a roghnú: m.sh. polasaí, nó easpa polasaí an Stáit nó easpa cur i bhfeidhm na bpolasaithe i leith an chomhshaoil a léiriú, nó iompar na gcomhluchtai móra i leith na timpeallachta nó ceisteanna talamhaíochta a scrúdú.
- Eolas a scaipeadh trí chruinnithe a reachtáil, áiseanna teagaisc a fhorbairt, seimineáir a eagrú dírithe ar phobal na Gaeilge, daoine óga ach go háirithe, na scoileanna lánghaeilge san áireamh.
- Leas a bhaint as suíomh idirlín Theacht Aniar mar shuíomh na hAeróige. Cinntóidh sé sin go mbeidh an lucht féachana in ann eolas a fháil ar obair iomlán TA.
BMC & MH
Lá an Bhastille 2017